Natasha ar buile nár cuireadh ar an eolas í

Eoin Ó Murchú

Tá Natasha O’Brien, an bhean óg ar ionsaigh go dona an t-iarshaighdiúir (anois, mar bhí sé ina shaighdiúir ar seirbhís ag an am) Cathal Crotty i Luimneach í in 2022, le ceangal nár cuireadh ar an eolas go hoifigiúil í go bhfuil achomharc le clos faoin gcás dlí ar an 23 Eanair 2024, is go bhfuair sí an t-eolas ó na meáin shóisialta.

Bhí O’Brien, nach raibh aithne ag Crotty uirthi, ag siúl abhaile le cara léi nuair a rug Crotty greim ar a cuid gruaige agus leag go talamh í. D’inis sí don chúirt gur briseadh a srón is gur cheap sí go raibh sé chun í a mharú.

I ndiaidh an ionsaithe, mhaígh Crotty ar Snapchat: “Péire chun í a leagan, péire chun í a chur as”.

Bhí uafás ar an tír ar fad, ámh, i ndiaidh gur ciontaíodh Crotty, gur chuir an breitheamh a phianbhreith tri bliana ar fionraí toisc gur saighdiúir ar fónamh ab ea é is go gcuirfí amach as Óglaigh na hÉireann é dá gcuirfí chun príosúin é.

Mórsiúl i ndlúthpháirtíocht le Natasha O’Brien i mBaile Átha Cliath, 22/06/2024
Griangraf: Sasko Lazarov/© RollingNews.ie

Chaith Óglaigh na hÉireann amach é mar gheall ar an raic a lean an phianbhreith seo, is chinn an t-ionchúiseamh achomharc a dheanamh i gcoinne bhoige an phionóis.

Ach níor chuir Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí Natasha O’Brien ar an eolas go bhfuil dáta socraithe don achomharc seo. Dúirt sí go bhfuil sí le ceangal go bhfuil sé comh soiléir sin nach bhfuil meas ag an stát ar chearta an íospartaigh, is gur fágadh ar an imeall í mar gheall ar an gcás.

Ó thaobh an dlí de, mar íospartach sa gcás, ba cheart go gcuirfeadh an coras ceartais choiriúil ar an eolas í faoi dháta na cúirte, mar tá an ceart aici a bheith i láthair. Dúirt sí go raibh an chuma ar an scéal nach raibh “tada foghlamtha” faoi conas tacú le marthanóirí sa phróiseas cúirte.

“Tá sé scannalach”, dúirt sí, “go gcuireann an stát isteach chomh mór sin ar ath-thráma na n-íospartach, arís agus arís eile. Tá easpa nós imeachta agus inniúlachta ann san iomlán maidir le híospartaigh a chosaint. Is cuma uafásach é seo don Stát. 

“Ní féidir agus ní dhéanfar dearmad ar íospartaigh. B’fhéidir go bhfuil stair ag an stát ar neamhaird a dhéanamh dá mhuintir agus dá riachtanais, ach cloisfear mé i gcónaí,” a dúirt Natasha O’Brien.