Cosc ar an nGaeilge i Maigh gCabraí

D’eisigh priosúnaigh phoblachtacha i bPríosún Mhaigh gCabraí ráiteas ar an 10 Nollaig ag cáineadh pholasaí frith-Ghaelach na n-údarás.

Deir siad sa ráiteas gur goideadh liathróidí CLG, go bhfuil cosc ar leabhair agus acmhainní Gaeilge, agus go bhfuil easpa comharthaíochta ann. Tá cosc ar chaitheamh an fháinne agus lile na Cásca. Níor ceadaíodh geansaithe comórtha CLG agus dlúthdhioscaí le ceol Éireannach.

Tháinig an scéal seo chun cinn sna meáin i mí Mheáin Fómhair, nuair a thosaigh duine de na cimí, Seán Mac an Bheatha, cás dlí in aghaidh an phriosúin. Anuas ar roinnt de na ceisteanna luaite thuas bhí Seán ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis trí mheán na Gaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.