Feicfidh tú go bhfuil póstaer spéisiúil ar an gcéad leathanach san eagrán clóite seo. Tá teachtaireacht neamhbalbh ann ag léiriú neamhshuim an rialtais i leith na Gaeilge. Bheartaíomar an póstaer sin a bheith mar an chéad leathanach de An Páipéar mar caithfimid, mar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, a léiriú don stát go bhfuil siad i mbun teangadhíothú. Cé gur imigh na Sasanaigh os cionn céad bliain ó shin ó na sé chontae is fiche, tá an Béarla fós mar phríomhtheanga. Nuair a tharla éirí amach 1916 bhí sé beartaithe ag na ceannairí go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre, go deimhin bhí seisear as an seachtar sínitheoirí ina mbaill de Chonradh na Gaeilge, an raibh an aidhm chéanna acu.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!