Cás dlí á thógáil ag an bpoblachtach Marian Price i gcoinne Disney+

Deir Price go ndéantar clúmhilleadh uirthi sa tsraith nua Say Nothing

Kerron Ó Luain

Tá sé beartaithe ag an bpoblachtach Marian Price cás dlí a thógáil i gcoinne Disney+ as clúmhilleadh maidir lena léiriú sa tsraith Say Nothing. Déantar marú Jean McConville, máthair a mharaigh an IRA in 1972, a thaispeáint sa tsraith. I radharc conspóideach, léirítear Price ag scaoileadh urchair le McConville.

Tá an tsraith Say Nothing bunaithe ar an leabhar le Patrick Radden Keefe ina léirítear Dolours Price san IRA, lena n-áirítear a ról i rannóg rúnda a bhí bainteach le fuadach agus fiosrúcháin. 

Shéan Marian Price go raibh aon bhaint aici le marú McConville. Dúirt dlíodóir Price, Peter Corrigan ó Phoenix Law, nach bhfuil aon fhianaise ann chun a chliant a nascadh leis an eachtra. 

Anuas air sin, d’áitigh Corrigan go ndéanann an léiriú de Marian Price i marú McConville dochar do chlú a chliaint trína ceangal le ceann de na heachtraí is míchlúití le linn na coimhlinte sna sé chontae. 

Chuir Corrigan béim ar an scála domhanda a bhaineann leis an gclúmhilleadh líomhainte, óir tá an tsraith curtha os comhar shúile na milliún daoine ar an ardán Disney+. Mhaígh Corrigan go raibh sé ‘deacair líomhain níos tromchúisí a shamhlú go bhféadfaí a chuir i leith ár gcliaint agus gan aon bhunús i bhfianaise ann’.

Pearsa shuntasach is ea í Marian Price i stair phoblachtach na hÉireann, agus í ciontaithe in éineacht lena deirfiúr as an mbuamáil ar an Old Bailey i Londain in 1973. Nuair a gabhadh na deirfiúracha i ndiaidh an ghnímh, chuaigh siad caol díreach ar stailc ocrais, rud a chuir lena stádas sa ghluaiseacht ag an am.

D’easaontaigh Marian Price le treo Shinn Féin agus cur chuige phróiseas na síochána. Chaith sí roinnt blianta mar bhall gníomhach de Ghluaiseacht Flaithis na 32 Contae agus bhí sí in adharca le stát na sé chontae maidir le gníomhaíochtaí poblachtacha easaontacha in 2009 agus 2011. Aisghaireadh ceadúnas saoirse Marian Price mar gheall ar na gníomhaíochtaí seo in 2011 agus coinníodh i bpríosún í go dtí Bealtaine 2013. Fuair a deirfiúr, Dolours Price, bás i mí Eanáir 2013, agus tugadh saoirse atruach ón bpríosún do Marian le freastal ar a faire.