Údarás na Gaeltachta ag fáiltiú roimh athbhunú eitilt oibleagáide seirbhíse poiblí Dhún na nGall

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh fhógra Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil ​​agus Fuinnimh agus an tAire Iompair go bhfuil eitilte oibleagáide seirbhíse poiblí idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath le hathbhunú go hiomlán ón 1 Bealtaine 2026. Beidh an t-eitleán thar oíche i nDún na nGall agus beidh eitilt i lár an lae ann arís.

Is cinneadh é seo a bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leis do phobal Gaeltachta Dhún na nGall agus dá gcomharsana ar fud an chontae. Seirbhís atá i bhfeidhm le blianta fada agus ar éirigh go maith léi. Tá ról lárnach ag an eitilt i gcúram sláinte, i gcur chun cinn na fiontraíochta, i bhforbairt na turasóireachta agus i bhforbairt an phobail i gcoitinne.

Dúirt Mícheál Mac Giolla Easbuig, Ceannasaí Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall, ” Bhí agus tá an tseirbhís seo ríthábhachtach dúinn le fada an lá agus is mór an faoiseamh é go mbeidh an tseirbhís iomlán ar fáil arís ón 1 Bealtaine. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire O’Brien agus le hoifigigh na Roinne Iompair as éisteacht le glór an phobail agus gníomhú dá réir.”

Ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta aitheantas agus buíochas a ghabháil le gach páirtí agus geallsealbhóir a d’oibrigh go crua le dhá mhí anuas i mbun feachtais agus stocaireachta, lena n-áirítear Cathaoirleach, Bord, Príomhfheidhmeannach agus foireann Aerfort Dhún na nGall as a gceannaireacht agus a dtiomantas i rith an phróisis seo, an Teachta Pat the Cope Ó Gallchóir agus an Teachta Pearse Ó Dochartaigh, mar aon le hionadaithe poiblí uilig an chontae, as a gcuid stocaireachta leanúnaí ar son an phobail maidir leis an tseirbhís, Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall as a bhfeachtas láidir, gníomhach agus éifeachtach a chuir brú ollmhór ar lucht ceaptha beartas, agus pobal iomlán an chontae a thacaigh go láidir leis an bhfeachtas agus a léirigh aontacht agus misneach i rith an ama.

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go mór le comhoibriú leanúnach leis an Roinn Iompair, le hAerfort Dhún na nGall agus le gach páirtí leasmhar chun an tseirbhís luachmhar seo a chosaint, a neartú agus a fhorbairt amach anseo mar sheirbhís bhuan do phobal na Gaeltachta agus do mhuintir Dhún na nGall i gcoitinne.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.