Tá sé fógartha ag rialtas Iosrael faoi cheannas an Phríomh-Aire Binyamin Netanyahu go dtabharfar isteach pionós an bháis mar smachtbhanna oifigiúil tar éis don Knesset glacadh leis an dlí nua. Lig parlaiminteoirí agus a lucht tacaíochta liú mór ceiliúrtha astu nuair a ritheadh an reachtaíocht. Beidh sé in úsáid ag cúirteanna míleata arm Iosrael agus é dírithe go sonrach ar phríosúnaigh Phalaistíneacha a bhfuil marú Iosraelach curtha ina leith ar an mBruach Thiar, críoch nach n-aithnítear go hidirnáisiúnta a bheith mar chuid de Stát Iosrael. Is é crochadh an modh básaithe a bheidh in úsáid agus ní bheidh aon chead achomhairc ann.
Is é an tAire um Shlándáil Náisiúnta Itamar Ben Gvir is mó atá taobh thiar den dlí seo a thabhairt isteach. Baineann Ben Gvir, maraon le baill uile an rialtais, le hantoiscigh Shíónacha agus tá sé ag moladh le blianta fada a leithéid de dhlí a thabhairt isteach. Tá baint mhór aige freisin le gluaiseacht na lonnaitheoirí ar an mBruach Thiar, antoiscigh choilíneacha a chiapann, a chéasann agus a mharaíonn na Palaistínigh áitiúla faoi scáth chosaint arm Iosrael. Le blianta beaga anuas, go háirithe ó Dheiradh Fómhair 2023, tá méadú ollmhór tagtha ar an gciapadh agus ar an marú seo ar an mBruach Thiar.
Tá an beart seo cáinte go mór, ní hamháin ag grúpaí um chearta daonna, ach ag formhór na rialtas ar fud an domhain, fiú tíortha a bhíonn bádhúil le hIosrael de ghnáth. Rinne airí eachtracha na Ríochta Aontaithe, na Fraince agus na Gearmáine fiú cáineadh ar an reachtaíocht nua, chomh maith le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann Helen McEntee thar ceann Rialtas na hÉireann. Tá cáineadh láidir freisin déanta ag na Náisiúin Aontaithe agus maíonn siad go mbeidh sé ina choir chogaidh má chuirtear i bhfeidhm í i gcríoch faoi fhorghabháil an Bhruaigh Thiar, de réir dlí idirnáisiúnta.
Níl aon cháineadh, áfach, déanta ag rialtas Trump agus fíorbheagán cáinte ó pholaiteoirí Mheiriceá, seachas ón fheisire comhdhála Rashida Tlaib, atá de bhunús na Palaistíne, faoin dlí conspóideach seo. Níl mórán amhrais ann ach go mbeidh Palaistínigh an Bhruaigh Thiar in umar na haimléise go ceann tamall fada eile!