Cathal Ó Murchú
Tá comhaontú ar éigean ann maidir le sos comhraic in iarthar na hÁise idir na hIaránaigh agus na Meiriceánaigh, sos comhraic a bhí le teacht i bhfeidhm Dé Céadaoin a 8 Aibreán 2026. An lá roimhe sin bhagair Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ollscrios sibhialtachta ar náisiún na hIaráine ag rá “go bhfaighidh sibhialtacht bás buan anocht” mura ngéillfeadh na hIaránaigh dó. Chothaigh an bhagairt seo fíorbhuairt go bhféadfaí buamaí núicléacha a úsáid agus baineadh stangadh as pobal an domhain i ndáiríre, fiú i measc cheannairí chomhghuaillithe na Stát Aontaithe.
Tháinig na bagairtí seo sna sálaí ar chumarsáid de chuid Trump ó Truth Social an lá roimhe inar úsáid sé drochtheanga ag caint ar a naimhde dochloíte, rud a léiríonn an fíorfhrustrachas atá air faoi chúrsa an chogaidh seo. In ainneoin na mbagairtí ollscriosta, leag na hIaránaigh amach plean síochána deich bpointe mar fhreagra ar an mbagairt as cuimse ó Trump. Go luath maidin Dé Céadaoin ghlac sé leis an bplean síochána mar bhunús idirbheartaíochta agus bhí comhaontú ann maidir le sos comhraic a mhairfeadh dhá sheachtain.
Mar chuid den sos comhraic chuirfeadh na Meiriceánaigh stad lena bhfeachtas buamála ón aer i gcoinne na nIaránach agus scaoilfeadh na hIaránaigh a smacht ar thrácht loingis trí Chaolas Hormuz, chomh maith le sos lena bhfeachtas buamála féin, i dteannta le hidirbheartaiochtaí idir an dá thaobh. Mhaígh an dá thaobh go raibh an bua faighte acu ar a gcéilí comhraic.