Le
| liom | linn |
| leat | libh |
| leis, léi | leo |
Ní bhíonn aon athrú ar fhocail dar tús consan tar éis le:
- le Seán ; le grá ; le do thoil
Ach cuireann le an litir h ar fhocail dar tús guta a leanann é:
- le hÁine ; le háthas ; le híoc
Breathnaigh na nathanna seo a leanas ina n-úsáidtear le:
- Is maith liom é ; Is breá leat seacláid! ; An cuimhin leis thú?
- Is fuath leo snagcheol. ; is féidir léi é a dhéanamh.
- Is fearr linn ceol clasaiceach ; Is oth liom a rá…
- Is gráin liom é. ; An dtaitníonn scannáin libh? ; Buailfidh mé leat ansin.
- Ar éirigh leat do cheadúnas tiomána a fháil? ; An raibh sé ag caint leat?
Is féidir mír threise a úsáid:
- Éist liomsa a bhuachaill! ; Táim an-sásta leatsa!
- Abair leis-sean go bhfuil brón ort! ; Gabh buíochas léise!
- Taraigí sibhse linne! ; Cabhraigh linne! ; Éistfidh siad libhse!
Le agus an t-alt sa chóras lárnach:
- Tá sé ag caint leis an gcailín ciúin
- Abair leis an múinteoir cineálta
- Cabhraigh leis an seanfhear dall
Le agus an t-alt i gcóras an tséimhithe (Gaeilge Uladh):
- Tá sé ag caint leis an chailín chiúin
- Abair leis an mhúinteoir chineálta
- Cabhraigh leis an tseanfhear dhall
Le agus aidiachtaí sealbhacha
- Beidh an múinteoir ag caint le mo mháthair
- Tá mé ag obair le do dheirfiúr
- Chuaigh sé ar saoire lena chairde
- Éist lenár scéal
- Bígí ciúin le bhur dtoil
- D’inis siad an scéal go léir lena dtuismitheoirí
Líon na bearnaí sna habairtí seo:
- An féidir _______ a rá cá bhfuil sé?
- Ba bhreá _______ (mé) cónaí faoin tuath.
- Éist ______ an nuacht.
- Bhí a hathair míshásta _______ mar bhí sí mall ag teacht abhaile.
- Dúirt sé _______ gur chór di éisteacht ________.
- Ní bheidh cead aici dul amach _________ cairde arís go ceann tamaill.