Mír ghramadaí: Na réamhfhocail 2

Domhnall Mac Concharraige

Do

  • dom – dúinn
  • duit daoibh
  • dó, di dóibh

Úsáidtear do le roinnt briathra agus leanann séimhiú é.

  • Gheall sé don mhúinteoir go ndéanfadh sé staidéar
  • Bheannaigh sé do Shíle nuair a chonaic sé í
  • Tabhair an leabhar do Sheán
  • Ná hinis an scéal sin do dhuine ar bith
  • Taispeáin do Dhaidí an bronntanas a fuair tú
  • Ná géill do bhithiúnaigh

Athraíonn do go d’ roimh ghuta agus roimh fh-.

  • Lig d’Úna na milseáin a ithe 
  • Ná tabhair d’Éamonn é
  • Níor lig sé d’fhiaile fás sa ghairdín

Athraíonn do agus an go don.

  • Inis an scéal don mhúinteoir
  • Tabhair an liathróid don imreoir eile
  • Cén fáth nach mbeannóidh tú don chailín sin?

Athraíonn do agus a go

  • Ghéill an saighdiúr dá namhaid
  • Bheannaigh sí dá cara
  • Rinne sé dá thuismitheoirí é
  • Thaispeáin siad na freagraí dá ngrúpa

Líon na bearnaí sna habairtí seo

  1. Inis _____ an freagra agus tabharfaidh mé milseán _____.
  2. Ná lig ______ chat isteach!
  3. D’iarr sí air gan dul agus gheall sé _____ nach rachadh sé.
  4. Thaispeáin a athair ______ an chaoi cheart lena dhéanamh.
  5. Mura bhfuil an obair déanta faoin am a dtiocfaidh Mamaí abhaile beidh sí ag tabhairt amach _____!
  6. Thug sé a cheadúnas _____ gharda.
  7. Thug bean an tsiopa sóinseáil _____ bhuachaill.
  8. Ná lig _____ scéal sin cur isteach ort!
  9. Bhí ocras ar na páistí, mar sin thug Daidí rud éigin le hithe _____.
  10. Tá tart orm, tabhair deoch ____!
  11. Ní ligfear _____ dul amach arís má tá tú déanach ag dul abhaile anocht!
  12. Tugann a mamó cúig euro ____ Shíle nuair a théann sí ar cuairt.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.