
Insítear scéal Fhinn (Dylan Ó Céilleachair) sa ghearrscannán Mamó & Mise, buachaill 10 mbliana d’aois a chaitheann an lá deiridh lena mhamó (Máire Ní Mháille, Ros na Rún) in áilleacht Ghaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí.
Ar an láthair i nGaeltacht Mhúscraí a rinneadh an scannánú uilig ar an dráma gearrfhoirme Gaeilge 15 nóiméad. Is é seo an chéad uair do Dylan, a tógadh i mBéal Átha an Ghaorthaidh, páirt a bheith aige ar an scáileán mór agus bhí neart comhairle faoin aisteoireacht ar fáil dó óna chomhghleacaí Máire agus ó Mhícheál Ó Dubhghaill (Ros na Rún, Rásaí na Gaillimhe) atá i bpáirt athair Fhinn, agus go deimhin thug siad beirt neart misnigh dó freisin.
Ba iad na deartháireacha Jack agus Cian Desmond a stiúir an script a scríobh Jack agus a d’aistrigh Seán Óg Ó Duinnín, an drámadóir as Béal Átha an Ghaorthaidh, go Gaeilge Mhúscraí. Mar a tharlaíonn sé is é Seán Óg féin atá i bpáirt an tiománaí bus sa scannán.
I measc bhaill áitiúla eile na foirne léirithe bhí an dearthóir léiriúcháin Diarmuid Wolfe (Cill na Martra) agus an Chéad Stiúrthóir Cúnta Saorlaith Ní Shuibhne (Cúil Aodha).
Pléitear téamaí an teaghlaigh agus an chumha sa ghearrscannán agus is ar an lucht féachana níos óige is mó atá sé dírithe.
“Tá an-ríméad orainn an scannán seo a chur os comhair an domhain mhóir. Is scéal é atá i m’intinn agam le blianta fada, mar sin is iontach an rud é é a fheiceáil ar an scáileán anois” a dúirt an scríbhneoir agus comhstiúrthóir Jack. “Bhí foireann den scoth againn ag obair ar an scannán seo agus táimid fíorbhuíoch de mhuintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Bhaile Bhuirne as cuidiú linn é a thabhairt chun fíre. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le TG4 as tacaíocht a thabhairt do lucht déanta scannán ó gach cearn den tír scéalta nua a chuir os comhair an phobail.”
Taispeánadh Mamó & Mise den chéad uair le linn Fhleadh Scannán na Gaillimhe 2025. Arna léiriú ag Desmond Bros Media.
Mamó & Mise, Dé Domhnaigh an 5 Aibreán ag 7.15 pm ar TG4 & TG4.ie