Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

San alt seo foghlaimeoimid faoi shaol Shéamuis Uí Chonghaile, ceannaire sóisialach agus náisiúnach a ghlac páirt lárnach in Éirí Amach na Cásca 1916 agus a chaith a shaol ar fad ag troid ar son lucht oibre na hÉireann agus an domhain.
Rugadh Séamus Ó Conghaile in 1868 i nGeata na Bó, Dún Éideann, in Albain. Tháinig a thuismitheoirí ó Chontae Mhuineacháin agus lonnaigh siad i gceantar thar a bheith bocht le han-chuid Éireannach eile. Chreidtí ar feadh i bhfad go ndeachaigh sé isteach in Arm na Breataine nuair a bhí sé sna déaga, ach le déanaí aimsíodh saothar caillte leis an staraí Conor McCabe a deir nach Séamus a bhí ann ach a dheartháir John. Nuair a bhí sé óg léigh sé faoi stair, polaitíocht, agus Marxachas. In 1896 chuaigh sé go Baile Átha Cliath, áit ar chabhraigh sé Páirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann a bhunú. Bhí nuachtán ag an bpáirtí, Workers Republic, agus is leis seo a scaip sé a chuid smaointe faoi rialtas dúchais, impirúlachas na Breataine, agus an caipitleachas.
In 1907 chaith sé seal sna Stáit Aontaithe agus is anseo a bhí sé ina chomhbhunatheoir ar an ngrúpa Oibrithe Tionsclaíocha an Domhain. Nuair a bhí sé i Meiriceá scríobh sé a shaothar is cáilúla, Labour in Irish History. Sa leabhar seo tumann an Conghaileach isteach i stair cheilte an lucht oibre in Éirinn. D’fhill sé ar ais go hÉirinn agus faoin mbliain 1913 bhí sé lárnach lena chomrádaí Séamus Ó Lorcáin i bhFrithdhúnadh 1913 i mBaile Átha Cliath le Cumann Oibrithe agus Ilsaothair na hÉireann. D’ionsaigh Póilíní Chathair Bhaile Átha Cliath na stailceoirí go dona le linn an ama seo. Mar sin féin, bheartaigh Ó Conghaile fórsa míleata a bhunú chun na hoibrithe a chosaint, Arm Cathartha na hÉireann. Ba é Halla na Saoirse ar Phlás Beresford ceanncheathrú na heagraíochta seo. Shínigh sé Forógra Phoblacht na hÉireann agus bhí sé i gceannas ar an ngarastún in Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach 1916. Gortaíodh go dona é le linn Sheachtain na Cásca. Daoradh chun báis é agus scaoileadh é ar an 12 mí na Bealtaine 1916.
Ceisteanna buntuisceana
- Cathain agus cén áit a rugadh Séamus Ó Conghaile?
- Déan cur síos ar cheantar Gheata na Bó.
- Céard ar léigh Ó Conghaile faoi agus é óg?
- Cén teideal a bhí ar an nuachtán a bhunaigh sé?
- Tabhair dhá phíosa eolais faoin am ar chaith sé i Meiriceá.
- Cén grúpa a bhunaigh sé tar éis Fhríthdhúnadh 1913?