Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Déanann thart a 2.3 billiún duine timpeall an domhain an Cháisc a cheiliúradh. Foghlaimeoimid faoin stair a bhaineann leis an bhféile sa léamhthuiscint seo.

Is féile Chríostaí í an Cháisc, ach tá fréamhacha aici sa phágántach agus sa Ghiúdachas. Creideann Críostaithe gur tharla céasadh agus aiséirí Íosa thart ar 30AD. Tá féile na Cásca á ceiliúradh ar a laghad chomh fada siar le 325AD nuair a deimhníodh ag Céad Chomhairle Nicé gur féile í bunaithe ar chiogal na gealaí. Níor taifeadadh dáta breithe Íosa ná dáta a bháis, mar sin is féidir leis an gCáisc tarlú am ar bith idir an 22 Márta agus an 25 Aibreán. San Eaglais Cheartchreidmheach tá an Cháisc á ceiliúradh i mbliana ar an 12 Aibreán mar úsáidtear féilire Iúil san eaglais sin.

Tá nasc ag an gCáisc leis an bhféile Pesach sa traidisún Giúdach de bharr gur tharla gabháil, bás, agus aiséirí Íosa Críost le linn na féile sin. Tagann an focal Gaeilge Cáisc as an bhfocal Eabhraise Pesach. Is minic a bhíonn an dá fhéile ar siúl ag an am céanna. Deirtear gur sedar ba ea an Suipéar Déanach, is é sin béile Giúdach a dhéanann céilúradh ar imeacht na nIúdach as an Éigipt a gcuirtear síos air in Eacsadas sa Bhíobla.

Tá nasc ag an gCáisc leis an bpágantacht freisin. Tagann an focal Easter sa Bhéarla ón sean-Bhéarla Ēostre, bandia a bhfuil baint aici leis an torthúlacht. Is siombail í an ubh ar bhreith agus saol nua. Sa luath-Chríostaíocht ba mhinic meascán a bheith idir gach sórt traidisúin sular leagadh síos bunchlocha na Críostaíochta. Tugtar sincréiteachas air sin. Is samplaí den sincréiteachas iad uibheacha agus coiníní na Cásca.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cé mhéad duine a chéilúrann an Cháisc timpeall an domhain?
  2. Cathain a tharla céasadh ar chros agus aiséirí Íos Chríost dar le Críostaithe?
  3. Cén uair a deimhníodh dátaí na Cásca?
  4. Cad iad na dátaí a ndéantar an Cháisc a cheiliúradh eatarthu?
  5. Tabhair trí phíosa eolais faoin nasc Giúdach leis an gCáisc.
  6. Tabhair dhá phíosa faoin nasc pagánach leis an gCáisc.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.