Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 10 Aibreán

Ciorcal cainte as Gaeilge
Ag Feirm Kilmeedy
7.30 go 9 pm
Cupán tae agus comhrá cairdiúil
€5, fáilte roimh chách
Clarú ag 083-0185091 @Kilmeedy_social_farm

Cruinniú cinn bliana Fhéile na mBád, Ros Muc
8 pm
Sa Chrannóg

Tob-Ghaeltacht
8 pm
Na Sairséalaigh CLG, Droichead Nua, Co. Chill Dara
Fáilte roimh cách

Dé Sathairn an 11 Aibreán

Caife agus comhrá
11 am go 12.30 pm
Ionad Ealaíon Dhún Másc, Portlaoise, R32 W93P
Caife nó tae €2.50 agus beidh An Páipéar á dhíol ann
Fáilte roimh gach aois agus gach leibhéal Gaeilge
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Laoise

Dé Luain an 13 Aibreán

Sacar le Gaeilge
8 go 9 pm
Sacar Bhóthar an Chuain, Doire

Dé Céadaoin an 15 Aibreán

Comhrá as Gaeilge
6.30 go 8 pm gach Céadaoin
Leabharlann Ráth Eanaigh, Baile Átha Cliath
Buail isteach agus bain triail as do chúpla focail. Fáilte roimh chách.
Eolas ó 01-8315521 nó rahenylibrary@dublincity.ie

Drámaíocht trí Gaeilge do pháistí
6 go 7.30 pm
Ionad Acmhainne Bhéal an Átha, F92 XH70
Gach Céadaoin ar feadh 10 seachtaine.
Cuir spás in áirithe do do pháiste
Seanán 085-8670762 nó pobaleas@gmail.com:

Dé Sathairn an 18 Aibreán

Seisiún Manainnise do chainteoirí Gaeilge
10 am go 2 pm
Gaeláras Ailf Uí Mhuirí, an tSráid Thuaidh, an Lorgain, Co. Ard Mhacha.
Ma tá Gaeilge agatsa, tá seans maith go dtuigeann tú roinnt Manainnise cheana. Beidh Ciarán Dunbar linn le chúrsa gairid a thabhairt ar Mhanainnis do chainteoirí Gaeilge.
Is gá Gaeilge idirmhéanach a bheith ag rannpháirtithe.
Tá an seisiún saor in aisce ach cuir ríomhphost chuig lorgan@cnag.ie nó TP chuig ár gcuntas Facebook agus Instagram le d’áit a chinntiú.


Féile AerachAiteachGaelach

Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 11-12 Aibreán

I measc na n-imeachtaí beidh:

  • Filíocht le Ciara Ní É! ✨
  • Scéalaíocht le hAilbe van der Heide agus le Stiofán Ó Briain! ✨
  • An cluiche Snatch! ✨
  • Amhránaíocht le Séamus Ó Flatharta! ✨
  • Ceardlann chumtha amhrán le SexyTadhg! ✨
  • Damhsa seit trí Ghaeilge agus func Brasaíleach trí Phortaingéilis! ✨

Tá €10 ar gach imeacht aonair, nó €50 ar thicéad deireadh seachtaine.
Féadfaidh ár mbaill an cód lascaine AAG5Lamps a úsáid chun lascaine 20% a fháil air sin, = €40 le haghaidh sé cinn d’imeachtaí iontacha aiteacha Gaelacha, luach dochreidte!
Murar ball thú d’AerachAiteachGaelach, smaoinigh ar bhallraíocht a ghlacadh linn. Tá fáilte roimh chách, idir aiteach agus díreach, agus cabhraíonn gach síntiús linn. Níl air ach €10 mar sin déanfadh tú do chuid airgid ar ais láithreach!

Dé Sathairn an 11 Aibreán 2026

Filíocht le Ciara Ní É ag 11 am
Ceannaigh ticéad €10 nó úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge as tacú leis an gceardlann seo.

Scéalaíocht le hAilbe van der Heide agus Stiofán Ó Briain ag 1pm
Ceannaigh ticéad €10 nó úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch de Scéim na Litríochta as tacú leis an gceardlann seo.

An cluiche Snatch ag 8pm
Ceannaigh ticéad €10 nó úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Mura dtuigeann tú céard é an cluiche Snatch, caith súil ar chluiche Snatch 2021 ar YouTube.
Is féidir thú féin a chlárú mar iomaitheoir más mian leat tríd an bhfoirm seo.

Dé Domhnaigh an 12 Aibreán 2026

Amhránaíocht le Séamus Ó Flatharta ag 12 meán lae
Ceannaigh ticéad €10 nó úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge as tacú leis an gceardlann seo.

Cum amhrán nua le SexyTadhg ag 2.30 pm
Ceannaigh ticéad €10 nó ssáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge as tacú leis an gceardlann seo.

Damhsa Seit trí Ghaeilge agus func Brasaíleach trí Phortaingéilis ag 6 pm
Ceannaigh ticéad €10 nó úsáid do thicéad deireadh seachtaine

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.