Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie
Dé hAoine an 3 Aibreán
Ealaín na Cásca
Siamsán na nÓg, ócáid spraiúil do theaghlaigh le páistí bunscoile
11.30 am
Áras Uilinn, Maigh Cuillinn
Cláraigh le deirdre@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Maidin chaife
I gCathair Dónall
Tide & Thyme
11 am
Arna eagrú ag Brí Uíbh Ráthaigh
Siamsán na nDéise
Ióga do theaghlaigh
Le Chantelle Ní Fhicheallaigh
2 pm
Halla pobail na Rinne
Cláraigh le Doireann ag 085-7386334
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Cathair Cois Cuain
Tionscadal Bhéal Feirste
8 pm
Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste
Ticéid £12
www.mhicreachtain.com
Dé Sathairn an 4 Aibreán
Ciorcal comhrá
Meán lae
Ground Cafe, Erneside
Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge
Dé Domhnaigh an 5 Aibreán
Siúlóid sléibhe mheánach, Leac Chuimhneacháin Shay Elliot, Sliabh na Cuileanntraí, Sliabh an Doire Bháin.
Fad na siúlóide 11km
3 – 3.5 uair an chloig ag siúl.
Tús na siúlóide sa charrchlós ag leac chuimhneacháin Shay Elliot ar an mbóthar idir an Láithreach agus Gleann Molúra.
Tagairt eangaí, N 130 923 nó N52.9693, W6.3191
Bí ann ag 10.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11 am.
Treoraí Dáithí
Chun tuilleadh eolais a fháil nó síob go dtí tús na siúlóide, téigh i dteagmháil le cnocadoiri@yahoo.com.
Treoracha go dtí tús na siúlóide, téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh, cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra ag an gcomhartha bóthair. Tar éis 6 km sroichfidh tú carrchlós Shay Elliott ag an bpointe is airde ar an mbóthar.
Trealamh agus feisteas: bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Neamhbhaill
Mura bhfuil tú i do bhall de na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d’ainm agus d’uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (neasghaol mar shampla) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála
Dé Máirt an 7 Aibreán
Caife agus comhrá
10 am
Oifig Líonra Leitir Ceanainn
Sráid an Chaisleáin
F92YP93
Dé Céadaoin an 8 Aibreán
Ceardlann Ghaeilge do phaistí
10 am go meán lae
Ionad Oidhreachta Choill Íochtair
£6 an páiste
Eolas ó Aranderg CCE ar Facebook
Déardaoin an 9 Aibreán
Campas Cásca don Ghaeilge
Coláiste Mhichíl, Inis Ceithleann
10 am go 2 pm
£10 an dalta
Príomhthéama na scrúduithe
Ullmhúchán cainte
Teicnící agus leideanna scrúdaithe
Treoir ó mhúinteoir saineolach
Eolas ó Thús Nua Fhear Manach ar Facebook
Dé hAoine an 10 Aibreán
Cruinniú Cinn Bliana Fhéile na mBád Ros Muc
8 pm
Sa Chrannóg