
Grianghraf: Talia Nic an Iarla
Tá sé ráite ag an Tánaiste Simon Harris go bhfuil soláthar dóthanach ola in Éirinn agus léirsithe i gcoinne praghas ard breosla ar siúl ar fud na tíre. Le cúpla lá anuas tá agóideoirí ag blocáil sráideanna agus bóithre i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann. Tá iompróirí, feirmeoirí, agus tiománaithe leoraí ag léirú frustrachas i leith an rialtais maidir leis na praghsanna arda breosla ag na stáisúin pheitril, agus an ráta ard cánach.
Dár ndóigh is de bharr an chogaidh idir an Iaráin agus Iosrael agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil na praghsanna tar éis ardú, go háirithe ó dhún an Iaráin síos Caolas Hormuz. Meastar go dtagann 20% de sholáthar ola an domhain ón gcaolas seo agus go dtógann sé sé seachtaine na taincaeir ola taisteal ón Meánoirthear chun na hEorpa. Thosaigh an cogadh thart ar shé seachtaine ó shin agus le dúnadh Chaolas Hormuz tá Éire agus an Eoraip i gcruachás. Meastar go bhfuil soláthar ola ag an stát go dtí deireadh mhí Aibreáin in aineoinn ráiteas Simon Harris. Léiríonn an cogadh seo na fadbhanna a bhaineann leis an tslí ina bhfuilimid ag brath an iomarca ar bhreolsaí iontaise. Ce gur stát saibhir san Eoraip sinn, dá mbeadh ganntanas ola in Éirinn bheadh drochbhail ar chursaí. Úsáideann 38% de thithe ola le haghaidh teas lárnach, agus 22% a úsáideann gás nádúrtha. Iompórtálann Éire ola ón Ríocht Aontaithe agus ón Iorua agus ó thíortha san Afraic, 53,000 bairille in aghaidh an lae. Níl ach scaglann ola amháin in Éirinn ar an nGeata Bán i gContae Chorcaí, ach easpórtáiltear méid mór ola ón scaglann seo. Gan soláthar ola ní bheadh teas lárnach ag formhór na dtithe in Éirinn, ní bheadh breosla ar fáil ag na stáisúin pheitril, ní bheadh breosla ar fáil d’fheirmeoirí agus bheadh ganntanas bia go gairid ina dhiaidh sin.
Ó 2020 i leith is é an treocht dhomhanda spléachas ar an ola agus leis an méid atá ar siúl sa domhan is léir go bhfuil na hollchumhachtaí thar a bheith buartha. Tá laghdú ar an méid gáis nádúrtha atá ar fáil mar gheall ar an gcogadh idir an Rúis agus an Úcráin. Níos luaithe i mbliana gabhadh Uachtarán Veiniseála Nicolás Maduro agus chuir Meiriceá trádbhac ar an tír. Tá sé ráite ag Trump go bhfuil sé i gceist aige smacht a ghlacadh ar na holltaiscí ola i Veiniseála. Léiríonn geopholaitíocht na linne seo go bhfuil gach tír ag brath an iomarca ar an ola, rud nach mbeidh ann go deo. Meastar go rithfidh an domhan as ola i gceann 30 bliain, ach níl dáta ceart ar eolas ag eolaithe. Ba choir d’Éirinn díriú ar neamhthuilleamaíocht. Mar oileán a bhfuil na tonnta is airde san Eoraip timpeall orainn, níl aon chúis nach féidir linn aghaidh a thabhairt ar chumhacht na taoide. Is tír thar a bheith gaofar í Éire chomh maith, is féidir díriú ar chumhacht ghaoithe. Dár ndóigh caithfear ola a iompórtáil ach níl aon chúis ann gur gá dúinn a bheith chomh spleách air sa tslí a bhfuil muid anois.