Fáinne mar shiombail agus spreagadh

Audrey Fay agus Liam Ó Culbáird

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag cur béim ar úsáid na Gaeilge ina gcuid seirbhísí trí bhaill foirne a spreagadh chun an Fáinne a chaitheamh agus an teanga a úsáid go laethúil ina gcuid oibre.

Dar le hOifigeach Gaeilge Oifig na nOibreacha Poiblí, Liam Ó Culbáird, is uirlis chumhachtach é an Fáinne chun cumarsáid trí Ghaeilge a chur chun cinn. “Trí chaitheamh an fháinne tá tú ag cur in iúl do dhaoine go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú sásta comhrá a dhéanamh,” a dúirt sé. “Má tá tú ag déileáil leis an bpobal, is acmhainn bhreise é an Fáinne a chabhraíonn leis an nGaeilge a chur chun cinn go nádúrtha.”

Le déanaí bronnadh Fáinne Óir ar an treoraí Audrey Fay, atá lonnaithe i Caisleán Bhaile Átha Cliath. Bíonn sí ag reáchtáil turais threoraithe trí Ghaeilge go rialta mar chuid dá cuid oibre agus tá sí anois ina sampla dearfach do chuairteoirí agus do chomhghleacaithe araon.

Ag labhairt di faoin ngradam, dúirt sí go raibh sí an-bhródúil an Fáinne Óir a bhaint amach. “Táim thar a bheith sásta an Fáinne a fháil agus caithfidh mé é go bródúil,” ar sí.

Is léir ón tionscnamh seo go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail agus laistigh dá gcuid seirbhísí féin, agus d’fhéadfadh sé a bheith mar inspioráid d’eagraíochtaí eile ar fud na tíre.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.