Bluey as Gaeilge le tosú ar RTÉ KIDSjr Luan Cásca 

Tá Bluey ag teacht go RTÉ! Ó Dé Luain an 6 Aibreán ar aghaidh beidh eachtraí Bluey, an coileán geanúil agus lán fuinnimh den mhianach Sáiléir Astrálach Gorm ar fáil as Gaeilge ar RTÉ KIDSjr agus ar RTÉ Player. 

Beidh leanaí ábalta nasc a chothú leis an nGaeilge agus focail nua a fhoghlaim trí bheith ag breathnú ar ghnáthimeachtaí an lae ag athrú isteach ina n-eachtraí samhlaíocha, spreagúla leis an gcoileán spraíúil den mhianach sáiléir gorm agus a cairde agus a teaghlach ar fad ag glacadh páirt sa spraoi.   

Tá sé chlár is fiche ón gcéad sraith aistrithe go Gaeilge agus beidh na cláracha sin ar fáil lena sruthú ó Dé Luain an 6 Aibreán. Beidh níos mó cláracha ar fáil trí Ghaeilge amach sa bhliain.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.