Tá líon na ndaoine gan dídean imithe in airde arís, agus os cionn 17,000 duine in iostas éigeandála, beagnach 12,000 daoine fásta agus 5,500 páistí. Méadú 12.5% in aon bhliain amháin atá ann.
Ní chuimsíonn sé seo daoine atá ag ag baint leas as tolg cairde nó gaolta, ag comhroinnt tithe a bhfuil plódú iontu, i ndídean foréigin teaghlaigh, ag codladh ar an tsráid, nó atá sáinnithe in ionaid soláthair dhírigh ainneoin go bhfuil stádas dlíthiúil acu le fanacht agus nach bhfuil siad ábalta tithíocht a fháil.
Tá líon na ndaoine gan dídean ag dul in airde mí i ndiaidh míosa, agus in ainneoin scéimeanna éagsúla de chuid an rialtais ní cosúil go bhfuil an scéal le feabhsú go luath,
Tá urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin, ag tuar go “rachaidh na figiúirí in airde arís is arís eile sna míonna amach romhainn” de bharr athruithe ar na rialacha a rialaíonn an margadh cíosa príobháideach agus easnaimh leanúnacha mhaoinithe sa scéim do thionóntaí in situ, is é sin daoine a ghlacann seomra ar cíos i dteach príobháideach.
“Teastaíonn uainn toirmeasc práinneach ar dhíbirt nach bhfuil locht ag baint léi anois agus teastaíonn uainn pacáiste práinneach beart le stop a chur leis an ardú agus le daoine a bhaint as an gcóras éigeandála lóistín níos tapúla. Tá réitigh ann.
“Is féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim seo. Is í an cheist an bhfuil an toil pholaitiúil ag an rialtas chun na rudaí riachtanacha a dhéanamh,” a dúirt sé.
Tá fadhb daoine gan dídean bainteach cinnte leis an margadh tithíochta agus an margadh cíosa go háirithe. Tá an rialtas meáite ar réiteach na faidhbe a fhágáil i lámha na hearnála príobháidí, ach is léir nach bhfuil ag éiri leis an dearcadh sin, go fóill ar aon chuma.
Deir Aontas na dTionóntaí um Ghníomhaíocht Phobail gur cóir tithíocht a scaradh ón margadh agus iostas a chur ar fail ar bhonn sóisialta.
Deir siad, mar shampla, go mbeidh daoine a ghlacann iostas ar cíos i gcruachás nuair a bhainfidh siad aois scoir amach, mar go mbeidh an ráta margaidh le n-íoc ach iad ansin ar phinsean, ar leath an ioncaim a bhíodh acu.
Deir siad freisin nach coir go ndéanfar nasc idir rátaí an mhargaidh agus rátaí na gcomhairlí contae.
Maidir leis sin bhí agóid ag Aontas na dTionóntaí um Ghníomhaíocht Phobail an tseachtain seo caite i gcoinne arduithe cíosa atá fógartha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
“Ní féidir linn na cíosanna ardaithe a íoc,” a dúirt agóideoir amháin, “agus ní iocfaimid iad”.