
Beidh léargas domhain agus mothúchánach ar shaibhreas cultúrtha phobal an Lucht Siúil le feiceáil i gclár faisnéise nua lánfhada, Ag Taisteal Siar, a chraolfar ar TG4 Dé Domhnaigh an 5 Aibreán. Déanann an scannán iniúchadh ar ról lárnach an phobail seo i gceol na hÉireann, traidisiún a shíneann siar na céadta blianta agus a tháinig chun cinn go láidir le linn ré na mbailéad sna 1960í.
Bunaithe ar thraidisiún saibhir béaloidis, amhránaíochta agus scéalaíochta, léiríonn an clár an tionchar buan atá ag ceol an Lucht Siúil ar fhéiniúlacht chultúrtha na tíre. Trí agallaimh phearsanta agus léirithe beo, tugtar le chéile ceoltóirí ar nós Kathleen Keenan, Sarah Dunne, Sharyn Ward, Niamh Dunne agus Steo Wall, chomh maith le filíocht bhunaidh ó Martin Warde.
Sa scannán tugtar ómós do laochra ar nós Pecker Dunne, Maggie Barry agus Johnny Doran, agus léirítear a lorg ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Damien Dempsey agus Liam Ó Maonlaí. Mar a deir Sarah Dunne sa scannán, “Ba é an ceol ceird mhuintir Dunne. M tá cútháil nó náire ort gheobhaidh tú bás den ocras.”
Pléitear freisin na hathruithe sóisialta a mhúnlaigh an traidisiún seo, go háirithe an t-aistriú ó shaol fánaíochta go cóiríocht shocraithe, rud a d’athraigh an tslí inar seachadadh ceol agus scéalta ó ghlúin go glúin. Dar le Steo Wall, tá tuiscint níos fearr ag teacht anois ar an tionchar a bhí ag an Lucht Siúil ar chultúr na hÉireann.
Faoi stiúir Méabh O’Hare agus léirithe ag DoubleBand Films, tá an scannán tar éis aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach ag féilte ar nós Docs Ireland agus Galway Film Fleadh.
Is léiriú cumhachtach agus tráthúil é Ag Taisteal Siar a thugann ómós don am atá caite agus a cheiliúrann beocht leanúnach cheol an Lucht Siúil sa lá atá inniu ann.
Ag Taisteal Siar, Dé Domhnaigh 5 Aibreán 9.30 pm ar TG4 & TG4.ie