Údarás na Gaeltachta ag fáiltiú roimh thoscaireacht ón Aontas Eorpach maidir le deiseanna gairme do chainteoirí Gaeilge i gcroílár na hEorpa

Bhí áthas ar Údarás na Gaeltachta fáilte a chur roimh thoscaireacht ardleibhéil ón Aontas Eorpach chuig a n-oifigí i rith na seachtaine seo, agus deiseanna spreagúla gairme d’ateangairí agus d’aistritheoirí Gaeilge á bplé.

I measc na gcuairteoirí bhí Juan Carlos Jiménez Marín, Ceannasaí na Stiúrthóireachta atá freagrach as seirbhísí ateangaireachta a sholáthar d’fhóraim éagsúla an Aontais Eorpaigh. Tugadh cuairt ar oifigí Údarás na Gaeltachta mar chuid de chlár cuairte níos leithne a chuimsigh Ollscoil na Gaillimhe agus oifigí an Choimisinéara Teanga freisin.

Le huachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag teacht níos déanaí i mbliana, tá deis iontach ann d’ateangairí agus d’aistritheoirí Gaeilge a gcuid scileanna a úsáid ar an ardán is mó agus is tábhachtaí san Eoraip. Tá an tAontas Eorpach go gníomhach ag lorg daoine cumasacha le Gaeilge chun róil suntasacha a líonadh i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséal agus in Strasbourg.

Is togra iontach é seo do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha spreagúil idirnáisiúnta agus iad lonnaithe i gcroílár chinnteoireacht na hEorpa. Tá fostaíocht bhuan agus fíorluachmhar ar fáil do na daoine cearta.

Léirigh cuairt na seachtaine seo gur léir don Aontas Eorpach tábhacht na Gaeilge agus an gá atá le daoine oilte chun an teanga a thabhairt go dtí an leibhéal is airde sa Pharlaimint. Is comhartha dóchais é seo don teanga agus don phobal Gaeltachta.

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta tacú leis an rialtas agus leis na hinstitiúidí Eorpacha chun a chinntiú go mbeidh guth na Gaeilge le cloisteáil go lániomlán i bParlaimint na hEorpa, ní hamháin mar cheist teanga, ach mar cheist maidir le cearta agus ionadaíocht do phobal na Gaeilge ar fud na hEorpa.

Arsa Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá Údarás na Gaeltachta an-sásta fáilte a chur roimh Juan Carlos Jiménez Marín agus a thoscaireacht, agus tá sé ríthábhachtach tacú le gach duine ar mian leo a gcuid scileanna Gaeilge a úsáid san Eoraip. Le hUachtaránacht na hÉireann ar an AE ag teacht, níl am níos fearr ann an deis a thapú.”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.