
Suite i sléibhte iarthuaisceart Chorcaí, idir an Laoi agus an Sulán, atá Gaeltacht Mhúscraí. Maireann pobal daingean ceolmhar cultúrtha i gceantair Ghaeltachta an réigiúin, Baile Bhuirne, Béal Átha an Ghaorthaidh, Cill na Martra, Ré na nDoirí, agus Cúil Aodha ina measc. Is ceantair iad sin ina gcothaítear amhránaithe agus lucht béaloidis, iad faoi gheasa áilleacht nádúrtha na háite. Sa tsraith seo cuirfimid aithne ar phobal na gceantar sin agus beimid ina gcuideachta agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí le linn shamhradh 2025.
Sa chéad chlár den tsraith Pobal Mhúscraí casfar Rúth Ní Riada agus Peadar Ó Riada orainn maidin bhreá Bhealtaine ag Cathair Chrobh Dearg agus iad tar éis a n-oilithreacht bhliantúil a dhéanamh go barr an Dhá Chích. Ar an Doirín Álainn beidh an feirmeoir Dónal Ó Loinsaigh i mbun a chuid oibre agus beidh an comórtas bearrtha caorach ar siúl i mBarr an Choma. Casfar Tadhg Ó Dúinnín agus a chairde ó Bhéal Átha an Ghaorthaigh orainn agus iad ag dul ar thuras bóthair ina seanchairteacha leis an ngrúpa Bangers and Bikes. Cuirfimid aithne ar an gceoltóir óg Méabh Ní Chonaill i gCill na Martra, agus casfar muintir Chúil Aodha orainn agus iad ag seoladh Fhéile na Laoch a bhíonn ar siúl gach seacht mbliana.
Sa dara clár den tsraith Pobal Mhúscraí, beidh coiste na mbailte slachtmhara agus Cecily Ní Loinsigh ag obair go tréan i mBéal Átha an Ghaorthaidh le slacht a chur ar an mbaile. Casfar an t-ealaíontóir agus ceoltóir Gearóid Ó Duinnín orainn i gCúil Aodha, agus casfar Eibhlín Ní Lionáird orainn a bhfuil súil aici beocht a chur arís i bhFéile na Cincíse i mBaile Bhuirne. Casfar an scríbhneoir aitheanta Seán Ó Muimhneacháin orainn i gCill na Martra agus beidh an pobal i mbun deabhóide dá naomhphátrún Gobnait ag an Aifreann faoin aer i nGort na Tiobratan.
Sa tríú clár den tsraith tabharfar cuairt ar linn snámha Chúil Aodha, áis iontach a mbaineann an pobal úsáid aisti ar mhaithe le haclaíocht agus le hoiliúint. Beidh neart ceoil agus comhluadair romhainn i mBaile Bhuirne áit a gcasfar Liadh Ní Riada orainn agus muintir na háite tugtha le chéile aici chun an grianstad a cheiliúradh. Rachaimid ag caitheamh bollaí le Míchéal Ó Ceallacháin, spórt a bhfuil an-tóir air i gceantar Mhúscraí. Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar Mháire Ní Chéileachair agus scéim amhránaíochta Aisling Gheal 25 bliain ar an bhfód.
Sa chlár deireanach den tsraith taispeánfaidh Helen Uí Loingsigh agus na mná ó ghrúpa ceirde Ré na nDoirí a gcuid saothair dúinn. Gheobhaidh coiste na mBailte Slachtmhara i mBéal Átha an Ghaorthaidh dea-scéala. Beidh Síle Uí Luasa agus a meitheal ag obair go dian ag réiteach an stáitse d’aeraíocht Fhéile na Laoch, agus tabharfar spléachadh dúinn ar a mbíonn ag dul ar aghaidh le linn thaispeántas talmhaíochta Bhaile Bhuirne. Chun clabhsúr a chur ar an tsraith beifear ag ceiliúradh go maidin i gCúil Aodha le linn Fhéile na Laoch.
‘Pobal Mhúscraí’ ag tosú an 12 Márta 2026 ag 20:00 ar TG4.