Seó cluichí á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile ar TG4

Sraith nua shiamsaíochta An Deis le craoladh ar TG4

Craolfar an chéad chlár den tsraith nua shiamsaíochta An Deis ar TG4 Dé Domhnaigh an 8 Márta ag 7.30pm. Athchraolfar é Déardaoin an 12 Márta ag 7.30pm.

Tá an tsraith deich gclár á léiriú ag Tyrone Productions do TG4 agus is formáid bhunaidh í a chruthaigh Gavin Cox agus Slam Media, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe sa Bhreatain Bheag.

Is éard a dúirt Laura Ní Cheallaigh, eagarthóir coimisiúnaithe na sraithe, “Tá TG4 thar a bheith sásta a bheith páirteach sa tionscadal seo chun leagan Gaeilge den tsraith An Deis a thabhairt chun beatha do lucht féachana TG4. Tá sé mar sprioc againn i gcónaí formáidí nua a fhorbairt sna teangacha Ceilteacha agus tacú leo, agus is sampla iontach é an comhoibriú seo le S4C de chomhpháirtíocht chruthaitheach i mbun gnímh. Thuig muid láithreach gur bhain rud éigin speisialta leis an bhformáid seo, agus is fada linn í a roinnt lenár lucht féachana.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.