Tá ceisteanna tromchúiseacha á gcur faoi chomhaontú nua muirí idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a aontaíodh ag cruinniú idir an Taoiseach Micheál Martin agus príomh-aire na Breataine Keir Starmer i gCorcaigh.
Táthar ag rá go bhfuil Martin ag stiúradh na tíre ar ais chun na impireachta, agus gurb é an chéad chéim eile calafoirt an chonartha, Caisleán Bhéarra, Inis Sionnach agus Loch Súilí, a thabhairt ar ais don Ríocht Aontaithe.
Deir siad gur sárú soiléir ar neodracht na hÉireann é páirt a ghlacadh i mbeartas den chineál seo, go háirithe ós í an Rúis an namhaid a ainmnítear sa scéal.
Is é bun agus barr an scéil gurb í Sasana an t-aon tír riamh a rinne ionsaí ar Éirinn. Níor dhein an Rúis sin riamh, agus níl aon mhíniú tugtha cén fáth go ndéanfadh siad sin anois.
Cé gur comharsana cairdiúla sinn anois, tá an Ríocht Aontaithe fós ar cheann de na cumhachtaí míleata is mó san Eoraip, agus ina mball lárnach de ECAT. Anois tá Éire ag síniú comhaontú a cheadaíonn do longa Briotanacha “freagairt d’eachtraí” in uiscí Éireannacha. Cé chomh neodrach agus atá sin i ndáiríre?

An baol dúinn, nó dár gcáblaí agus dár bpíblínte faoi mhuir, an Rúis?
Is cuid den scéalaíocht choitinn ag an Aontas Eorpach é gurb ea, ach cuimhnigh gur cuireadh i leith na Rúise dochar a rinneadh ar cháblaí i Muir Bhailt in aice leis an bhFionlainn.
Ach anois tá an scéal sin séanta ag ceannaire Sheirbhís Faisnéise na Fionlainne (SUPO), Juha Martelius. Deir sé go bhfuil sé soiléir gur de thimpiste a tharla an damáiste, teip ar an gcóras ancaire, agus nach raibh aon bhaint ag an Rúis leis.
Fuair na líomhaintí an-chuid poiblíochta, ach níl aon trácht i meáin an Iarthair, nó i meáin na hÉireann, i dtaobh shéanadh an scéil.
Nuair a mhol an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go bhféadfadh cabhlach na hÉireann longa Rúiseacha a stopadh agus a chuardach, tháinig freagra láidir ó Mhoscó. Thug ambasadóir na Rúise “gadaíocht” air seo, agus dúirt sé go gcosnódh an Rúis a loingeas.
Tá ceist dlí ann. Níl sainordú ag na smachtbhannaí Eorpacha ó na Náisiúin Aontaithe. Cén t-údarás atá acu faoin dlí idirnáisiúnta mar sin? Níl freagra soiléir ar an gceist sin.
Is é an baol is mó ná go rachaidh an scéal seo as smacht. Samhlaigh an cás: long Éireannach ag iarraidh tancaer a stopadh agus long chogaidh Rúiseach ann chun í a chosaint. An bhfuil Éire réidh don chineál sin coimhlinte?
Ní faoin neodracht amháin a bhaineann an cheist seo. Is ceist í faoi chiall cheannaithe agus faoi chogadh a sheachaint. B’fhéidir gur chóir dúinn smaoineamh faoi dhó sula leanfaimid an cosán contúirteach seo.