Bhí beocht chruthaitheach le brath i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, an deireadh seachtaine seo caite nuair a reáchtáladh Féile Náisiúnta Dhrámaíochta 2026 in Amharclann Chathair na Mart. Léirigh compántais ó gach cearn den tír caighdeán thar a bheith ard i réimse leathan seánraí, idir dhrámaí ilghnímh, gearrdhrámaí agus saothair nuascríofa, rud a léirigh beocht agus éagsúlacht na drámaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann.
Bhí naoi ngradam le bronnadh ag deireadh na féile, agus thug na léirmheastóirí, Ann Marie Horan agus Mícheál Ó Meallaigh, ardmholadh don chaighdeán a chonaic siad ar an stáitse i rith an deireadh seachtaine. Dar leo bhí fuinneamh agus samhlaíocht le sonrú i ngach léiriú, agus léirigh na compántais tiomantas suntasach don ealaín agus don teanga.
Ag labhairt di ag an searmanas bronnta, dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais, “Comhghairdeas ó chroí le gach éinne a bhí páirteach i bhFéile Náisiúnta Dhrámaíochta 2026. Gabhaimid buíochas leo siúd a chabhraigh le heagrú na féile agus le hAmharclann Chathair na Mart a bhí chomh fáilteach agus tacúil leis an bhféile a reáchtáil.” Chuir sí béim ar leith ar an dul chun cinn atá déanta ag compántais nua, ag rá go raibh sé spreagúil an oiread sin léirithe nua a fheiceáil ar ardchaighdeán.
Ba é Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig, Cathair na Mart, a bhain an gradam is mó, Dráma na Féile, lena léiriú den dráma nuascríofa An Rud Eatarthu le Séamas Mac Eachmharcaigh. Moladh go hard an stiúradh, an léiriú agus an aisteoireacht a bhain leis an saothar seo, a bhí láidir ó thaobh téama agus léirithe de.
Sa chatagóir Léiriú/Stiúradh, bhain Aisteoirí Bhréanainn, Ciarraí an gradam as a léiriú ar Scaoil leis an gCaid le Breandán Mac Gearailt. Bhí Marina Ní Dhubháin i gceannas ar an stiúradh, le tacaíocht ó Shláine Ní Chathalláin agus Bríd Criomhthain. Mhol na moltóirí an cur chuige cruthaitheach, go háirithe an úsáid a baineadh as ceol agus mím chun doimhneacht a chur leis an léiriú.
Bronnadh gradaim aisteoireachta ar bheirt aisteoirí a sheas amach go mór i rith na féile: Pádraig Ó Briain (Aisteoirí Chúil Aodha) as a ról n Séadna agus an Fear Dubh, agus Alanna Ní Mhíocháin (Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig) as a léiriú cumhachtach in An Rud Eatarthu. Léirigh an bheirt acu cumas agus láithreacht ar leith ar an stáitse.
I measc na mbuaiteoirí eile bhí Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach, a ghnóthaigh an gradam don Script is Éifeachtaí lena saothar nuascríofa Míle Murder i Muine Bheag, agus Ardán Mhaigh Eo a bhain gradam do Phrapaí agus Cultacha lena léiriú Na Spéaclaí Draíochta.
Bronnadh aitheantas speisialta freisin faoi rogha na léirmheastóirí ar roinnt léirithe eile, ina measc Cuairt an Uachtaráin le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, Biseach le hAisteoirí an Sciobóil, agus saothair litríochta Ghaeltachta a chuir Aisteoirí an Spidéil ar stáitse.
Ag féachaint chun cinn, beidh Féile Náisiúnta Dhrámaíochta 2027 ar siúl in Amharclann Dean Crowe i mBaile Átha Luain idir an 18 agus an 20 Márta 2027. Má leanann an caighdeán céanna ar aghaidh is léir go mbeidh todhchaí gheal ag drámaíocht phobail na Gaeilge sna blianta amach romhainn.