Pacáiste tacaíochta fógartha ag an rialtas le dul i ngleic le costas ola

Eoin Ó Murchú

D’fhogair an rialtas pacáiste tacaíochta i dtaobh an ardaithe ar phraghasanna ola agus gáis ag eascairt ó chogadh na hIaráine. Ach cé go bhfuil fáilte curtha roimh na beartais atá ann, den chuid is mo deir an freasúra nach leor iad agus go raibh an rialtas rómhall á dtabhairt isteach.

Seo atá beartaithe ag an rialtas:

  • Gearrfar mál go sealadach ar bhreosla mótair go dtí deireeadh mhí na Bealtaine.
  • Laghdófar na rátaí faoi 15 cent in aghaidh an lítir ar pheitreal, 20 cent in aghaidh an lítir ar dhíosal agus 3 cent in aghaidh an lítir ar dhíosal marcáilte (díosal dearg).
  • Ina theannta sin, mar gheall ar athruithe ar tháille na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta gearrfar táillí rialtais de 2 cent sa bhreis an ceann ar dhíosal agus ar pheitreal ar feadh tréimhse dhá mhí.

Mar aon leis sin tá scéim speisialta ann d’oibreoirí lastais le haghaidh díosal a ceannaíodh ó thus na bliana go deireadh mhí an Mheithimh. 

Idir an dá linn, síneofar séasúr an liúntais breosla de cheithre seachtaine sa bhreis, rud a chiallaíonn go bhfaighidh na 470,000 teaghlach atá ag fáil an liúntais breosla tacaíocht airgeadais bhreise de €38 in aghaidh na seachtaine.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.