Tá sé fógartha ag Coimisiún na Meán inniu go mbronnfar €548,103 ar 28 iarratasóir rathúil faoina chlár nua um scileanna agus forbartha na meán, infheistíocht shuntasach a thacóidh le hoiliúint agus le forbairt ghairmiúil ar fud na tíre i mBéarla agus i nGaeilge araon.
Tacóidh an clár le réimse leathan gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha sa chraoltóireacht, san iriseoireacht agus sna tionscail chruthaitheacha. Léiríonn na tionscadail ar éirigh leo an sainchúram níos leithne atá ag an gCoimisiún maidir le hinbhuanaitheacht, iolrachas agus rannpháirtíocht sna meáin, agus cuirfear deiseanna ar fáil i ngach cearn den tír i rith 2026.
Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán, Rónán Ó Domhnaill, “Soláthraíonn ár gClár Scileanna agus Forbartha na Meán maoiniú riachtanach d’earnáil na meán agus tacaíonn sé le deiseanna foghlama agus forbartha ardchaighdeáin dóibh siúd atá ag obair sa chraoltóireacht, san iriseoireacht agus sna tionscail chruthaitheacha. Tá áthas orainn tacú le réimse leathan eagraíochtaí a chuirfidh cuspóirí an chláir maidir le hinbhuanaitheacht, acmhainn agus feabhsú scileanna chun cinn.”
Sa chéad bhabhta maoinithe seo fuarthas 40 iarratas, le maoiniú dar luach €1.18 milliún á lorg, níos mó ná dhá oiread an bhuiséid a bhí ar fáil. I measc na dtionscnamh rathúil tá Catalyst Film Festival, a chuirfidh oiliúint scannánaíochta ar fáil do dhaltaí rang a cúig agus a sé agus do mhic léinn idirbhliana, lena n-áirítear scríbhneoireacht scripte i nGaeilge.
Tacóidh an clár Future Edge le ceannairí cuideachtaí cruthaitheacha dul i ngleic le dúshláin na hintleachta saorga agus deiseanna eiticiúla a fhiosrú. Beidh Embodied Worlds: World Building Creator’s Lab, maoinithe i bpáirt ag Fís Éireann, dírithe ar theicnící ceannródaíocha i léiriúchán fíorúil agus ar laghdú tionchair comhshaoil.
Beidh Learning Waves ag cur oiliúint ar fáil don earnáil raidió tráchtála, lena n-áirítear Máistir-ranganna agus Clár Iarchéime Iriseoireachta do chéimithe atá inniúil sa Ghaeilge. Cuirfidh Local Ireland béim ar úsáid na hintleachta saorga i seomraí nuachta agus ar an iriseoireacht dhigiteach.
I measc na dtionscnamh eile tá Children’s Content Landscape 2026, Disability Participation News Hub, Women On Air, agus tograí oiliúna ó CRAOL d’earnáil na meán pobail, lena n-áirítear oiliúint rialachais agus litearthachta sna meáin.
Cuireadh an clár nua seo ar bun i mí Dheireadh Fómhair seo caite mar ionad ar an gClár Foghlama agus Forbartha Earnála a bhí i bhfeidhm le beagnach fiche bliain. De réir an Choimisiúin, léiríonn an infheistíocht seo tiomantas leanúnach do thírdhreach meán atá inbhuanaithe, nuálach agus cuimsitheach don todhchaí.