Beidh Kevin McManamon le feiceáil ar an tsraith cháiliúil Laochra Gael ar TG4 Déardaoin seo chugainn, agus é ag oscailt a chroí faoi aistear peile le Baile Átha Cliath a bhí lán d’éachtaí, d’athruithe agus de mhachnamh pearsanta. Agus é ag caint le An Páipéar, bhí sé soiléir nach air féin amháin a leagann sé béim, ach ar an bhfoireann timpeall air.
“Bhí mé fíorbhuíoch den ghlao gutháin,” a dúirt sé faoin gclár. “Bhí sé deas féachaint siar agus dul tríd na cuimhní.” Mar sin féin, d’admhaigh sé go mbraitheann sé beagán míchompordach leis an aird phearsanta. “Is cluiche foirne é. Ní fhaighim cúl mura ndéanann ceathrar déag eile an obair.”
Is i ngeansaí CLG Naomh Iúd a cuireadh tús lena thuras peile, sular tháinig sé chun cinn le Baile Átha Cliath le linn ré órga don chontae. Cé gur minic a tugadh sárionadaí air, is léir óna chuid focal féin nach mbreathnaíonn sé air féin mar laoch aonair.