Is féidir seacht litir a urú:
| b | ar an mbord |
| c | i gcrúiscín |
| d | i nDún na nGall |
| f | chuig an bhféile |
| g | faoin ngrian |
| p | ar an bpacáiste |
| t | i dTrá Lí |
Sa chóras lárnach leanann urú na focail seo a leanas:
- Réamhfhocal agus an t-alt
| ag an mbean | ón mbanc | thar an gclaí |
| ar an gcapall | tríd an bpáirc | roimh an bhfear |
| as an gcrúiscín | chuig an bhféile | faoin mbainisteoir |
| leis an bpríomhoide | roimh an mbó |
Eisceacht
Leanann séimhiú na focail seo i gcóras an tséimhithe a úsáidtear i nGaeilge Uladh:
ag an bhean, ón bhanc, thar an chlaí, ar an chapall etc.
Leanann séimhiú den, don agus sa i gcónaí, is cuma cé acu córas an tséimhithe nó an córas lárnach atá in úsáid:
den bhean; don fhear; sa pháirc
- An réamhfhocal i
i gcónaí; i dtrioblóid; i mBaile Átha Cliath; i gCorcaigh
- Na huimhreacha 7, 8, 9, 10, 17, 18, 19
seacht ngluaisteán; ocht gcapall; naoi dteach; deich gcrann
seacht bpionta déag; ocht gcupán déag; naoi gcarráiste dhéag
- Na réamhfhocail shealbhacha ár, bhur agus a
ár gcairde; bhur gcairde; a gcairde
- Dá
Dá mbeadh airgead agam cheannóinn lón
Dá ndéanfá staidéar gheofá marcanna níos fearr
Athscríobh na habairtí seo gan lúibíní, ag úsáid an chórais lárnaigh nó chóras an tséimhithe
- Bhí áthas ar an (buachaill) nuair a ghlac an cailín leis an (cuireadh).
- Bíonn fearg ar an (cú) má chuirtear isteach air.
- Dá (tabhair) bia dó ní bheadh fearg air.
- D’fhág siad a (carr) ar an trá agus nuair a tháinig an taoide isteach chonaic siad go raibh siad i (trioblóid).
- Bhí an múinteoir ag caint leis an (grúpa) ach ní raibh Seán ag tabhair aird ar an (múinteoir). Seachas sin, bhí sé ag amharc amach tríd an (fuinneog). B’fhearr leis a bheith sa (baile).