Eisceachtaí
Bhreathnaíomar ar roinnt focal a leanann séimhiú iad. Anois foghlaimeoimid faoi eisceachtaí.
1. Na litreacha d, n, t, l, agus s
Má chríochnaíonn focal amháin leis na litreacha seo agus má thosaíonn ceann eile le ceann acu, is minic nach mbíonn séimhiú ann, mar shampla:
- aon duine, aon teach, an-simplí, an-deacair
- don draíodóir, don dochtúir don sagart
Ach cuirtear t roimh s tar éis ar an, ón, don, den, faoin, etc más ainmfhocal baininscneach atá ann: don tseanbhean, faoin tsaileog
I nGaeilge Uladh cuirtear t roimh s ag tús gach ainmfhocail, baininscneach agus firinscneach tar éis ar an, ón, den, faoin etc: don tsagart, faoin tseilide, ag an tseanduine
2. Ní chuirtear séimhiú tar éis ar agus tharsna nathanna dobhriathracha seo a leanas:
thar sáile, thar barr, thar fóir, ar bord (loinge), ar farraige, ar muir agus ar tír, ar meisce, ar buile, ar crith, ar deireadh, ar díol, ar fáil, ar maidin, ar siúl (ag tarlú)
Ach ar fheabhas, ar shiúl (imithe)
Breathnóimid ar thuilleadh eisceachta an tseachtain seo chugainn.
Breathnaigh siar ar Mír ghramadaí, séimhiú 1 arís agus athscríobh na habairtí seo gan lúibíní:
- Bhí brón ar (Síle) mar bhí Éamonn thar (sáile).
- Cheap Éamonn go raibh sé an-(te)
- Nuair d’(féach) Peadar ar an (damáiste) bhí sé ar (buile)
- Is maith le mo (máthair) breathnú ar (cláir) ar an (teilifís) faoin (dúlra).
- Bhí na gardaí ag fiosrú faoin (dúnmharú) agus bhí gach duine ag caint faoin (cás).
- Bhí mé ag breathnú ar scannán uafáis agus bhí mé ar (crith) le heagla.
- Bhí na pótairí ar (meisce) ar an (sráid).
- Tá sé ró-(mall) an obair a dhéanamh anocht. Críochnóimid ar (maidin) é.
- Tá an mata ró-(deacair) domsa, ach ceapann mo (cara) go bhfuil suimeanna an-(simplí).
- An bhfuil an carr fós ar (díol), nó ar (ceannaigh) aon (duine) fós é?