Mac léinn ailtireachta ón Tulach Mhór agus stiúrthóir agus scríbhneoir ó Chiarraí i measc na mbuaiteoirí i gcomórtas físeáin intleachta saorga

Ag fógairt bhuaiteoirí an chomórtas físeáin intleachta saorga an tseachtain seo is é Luke Carey ón Tulach Mhór, mac léinn ailtireachta i mbliain na céime in Ollscoil Luimnigh a bhí an bua sa chatagóir le cabhair intleachta saorga , físeáin ina n-úsáidtear uirlisí intleachta saorga i míreanna de, sa chomórtas Togra Scéalaí. Sa chatagóir intleachta saorga amháin, físeáin a cruthaíodh go hiomlán le hintleacht shaorga, bhí an bua ag Oisín Ó hEartán ó Chorca Dhuibhne lena iontráil An Laoch Óg.

Bronnadh duais €1,500 ar Luke lena fhíseán, A Contemporary Gaeltacht, atá bunaithe ar a thráchtas ailtireachta Athbheochan teanga trí ailtireacht, athúsáid oiriúnaitheach monarchana ón ré coilíneach.

Bronnadh duais €1,500 ar an gCiarraíoch Oisín Ó hEartán, scríbhneoir agus stiúrthóir as Corca Dhuibhne, lena iontráil An Laoch Óg. Leanann an scéal Fionn mac Cumhaill ó rugadh é leis an ainm Deimhne agus é á thógáil ag a bheirt mháithreacha altrama sa choill, agus am á chaitheamh aige le Finnéagas, go dtí go roghnaítear é mar cheannasaí ar na Fianna.

Agus buaiteoirí iomlán an chomórtais á roghnú, dúirt an moltóir Micheál Ó Drisléain ó Nemeton, “Bhí mé thar a bheith tógtha leis an gcaighdeán agus an obair a cuireadh isteach sna físeáin seo ag na rannpháirtithe ar fad a ghlac páirt sa chomórtas. Bhí an-éagsúlacht i gceist, agus caighdeán an-ard ag na cinn a tháinig go dtí na moltóirí. Tá an saol ag athrú, agus is léir go mbeidh ról ag físeáin déanta mar seo sa todhchaí, agus ní mór go mbeadh lucht labhartha na Gaeilge lárnach sa dul chun cinn seo.”

Sa chéad chatagóir, físeáin a chruthaíodh go hiomlán le hintleacht shaorga, tháinig Colm Farrell as Liatroim sa dara háit (duais €1,000) lena iontráil An Solas Idir Dhá Shaol agus Sinéad Ní Loideáin, déantóir clár as na Forbacha, Co. na Gaillimhe, sa triú háit (duais €500) lena hiontráil Le Chéile Is Fearr.

Agus í ag labhairt faoina hiontráil, dúirt Sinéad Ní Loideáin, “Tá an físeán seo bunaithe ar chumhacht na comhpháirtíochta idir daoine agus intleacht shaorga. Le chéile, is féidir linn ár dteanga a neartú, an chruthaitheacht a scaoileadh saor, agus doirse a oscailt chun deiseanna nua aimsiú. Trí ghlacadh leis an teicneolaíocht mar uirlis thacúil, cruthaímid todhchaí ina mbeidh níos mó roghanna, níos mó deiseanna, agus níos mó féidearthachtaí do chách.”

I measc na mbuaiteoirí eile sa dara catagóir, físeáin ina n-úsáidtear uirlisí intleachta saorga i míreanna de, bhí Seán Ó Coistealbha as Indreabhán, Co. na Gaillimhe, lena iontráil Athrú Iomlán (duais €1,000) agus Aminafawzy Mohammed, sn Araib Shádach, lena iontráil The Irish Language (duais €500).       

Reáchtáil Údarás na Gaeltachta an Tógra Scéalaí, comórtas físeáin intleachta saorga ginte, mar dheis chun plé a spreagadh faoin gcuid seo den intleacht shaorga, na huirlisí, na deiseanna agus na dúshláin atá le hintleacht shaorga don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.

Agus na duaiseanna á mbronnadh ar na buaiteoirí, dúirt Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha Údarás na Gaeltachta, “Is gá a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge beo agus feiceálach san ré dhigiteach nua ina bhfuilimid. Faoi láthair is beag ábhar atá ar fáil ar ardáin theicneolaíochta i nGaeilge, i gcomparáid le teangacha eile. Ceann de na bealaí chun an t-easnamh seo a réiteach ná cumasú a dhéanamh ar an bpobal le cur go mór leis an méid ábhar ar fáil i nGaeilge. Tugann sé seo an deis do dhaoine ábhar a chruthú i nGaeilge dá gclann agus dá gcairde, agus dá réir ag cur go mór le timpeallacht dhigiteach Ghaelach.”

Leanann tiomantas agus ról Údarás na Gaeltachta mar chrann taca don earnáil closamhairc sa Ghaeltacht go laethúil. Chuir an tÚdarás infheistíocht shuntasach i bhfeidhm sa Ghaeltacht ó thús na nóchaidí, idir infreastruchtúr oiliúna agus caipitil, agus dá bharr sin tá Gaeltacht Chonamara ar ceann de na réigiúin is tábhachtaí in Éirinn i dtaobh na hearnála closamhairc. Tá gréasán láidir de chomhlachtaí eile san earnáil lonnaithe i gceantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall freisin, ag cur fostaíocht ar fáil.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.