Léamhthuiscint: Korrika, rás Bascaise, an 21 Márta, Baile Átha Cliath!

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is teanga aonar í an Bhascais. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil sí gaolta le haon teanga eile ar domhan. Labhraítear an Bhascais i dTír na mBascach atá suite i dtuasiceart na Spáinne agus iardheisceart na Fraince. Is teanga oifigiúil de chuid na Spáinne í ach níl aitheantas oifigiúil aici sa Fhrainc. Iorónta go leor, áfach, tugann an Fhrainc aitheantas áirithe do lucht labhartha na Bascaise ón Spáinn. Ar feadh na mblianta, agus go háirithe i rith réimeas Franco, cuireadh faoi chois í. San alt seo foghlaimeoimid faoin Korrika, rás Bascaise a eagraítear chun an teanga a chur chun cinn.

Nuair a bhí Francisco Franco i gceannas ar an Spáinn idir 1939 agus 1975 bhí cosc ar labhairt na Bascaise go poiblí. Chomh maith leis sin níor ceadaíodh do dhaltaí an teanga a labhairt ar scoil agus is minic a chuirtí pionós fisicúil orthu as an riail seo a shárú. Mar sin de, thosaigh daoine ag cruthú eagraíochtaí rúnda chun an teanga a shlánú agus a chur chun cinn. Is ceann de na heagraíochtaí sin AEK, Acadamh na Bascaise, agus is iadsan a d’eagraigh an chéad Korrika in 1980. De ghnáth maireann an Korrika deich lá agus ritheann rannpháirtithe timpeall Thír na mBascach. Mar a luadh cheanna, is é príomhchuspóir an Korrika an Bhascais a chur chun cinn, agus tiomsaítear airgead lena linn chomh maith. Is féidir le comhlachtaí ciliméadar a cheannach agus urraíocht a thabhairt don rás don chiliméadar sin. Tá an Korrika 2,700 ciliméadar i bhfad, agus is rás sealaíochta é. Tarlaíonn sé gach dhá bhliain, agus in 2022 rith na rannpháirtithe ó Amurrio in iarthuaisceart Thír na mBascach go Donostia gar go leor don teorainn in aice leis an bhFrainc. I mbliana tosóidh sé in Atharratze in oirthear na tíre agus críochnóidh sé in Bilbao, príomhchathair na tíre.

Beidh Korrika Bhaile Átha Cliath ar siúl den chéad uair riamh i mbliana. Tosóidh sé ón nGáirdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell agus is féidir le rannpháirtithe siúl nó rith 2 chiliméadar go Cearnóg Mhuirfean. Beidh sé ar siúl ar an 21 Márta ag a 2 pm. Bí ann!


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cá háit a labhraítear an Bhascais?
  2. An bhfuil stádas oifigúil aici sna tíortha sin?
  3. Cén bhaint a bhí ag AEK leis an Korrika?
  4. Cathain a cuireadh an chéad cheann ar siúl?
  5. Cá fhad atá an Korrika?
  6. Cé chomh fada is a bhíonn sé ar siúl?
  7. Cá háit a dtosóidh sé i mbliana agus cá háit a gcríochnóidh sé?
  8. Cathain a bheidh Korrika Bhaile Átha Cliath ar siúl?
    An Páipéar
    Forbhreathnú Príobháideachais

    Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.