Cóilín Duffy ar an Nás
Bhí sluaite móra i láthair ar an Nás Lá Fhéile Pádraig i mbliana agus féile shráide na Gaeilge ar siúl ann, imeacht atá anois ar cheann de na hócáidí Gaeilge is mó sa tír. Thug na mílte daoine aghaidh ar an mbaile chun páirt a ghlacadh i lá lán ceoil, damhsa, cultúir agus spraoi, agus an Ghaeilge i gcroílár gach uile ruda.
Bhí ceithre shuíomh éagsúla ag croílár na féile: Cearnóg na Poibleoige, Meal an Mhóta, Seanmhargadh na bPrátaí agus Teach na Cúirte. I ngach ceann acu bhí clár imeachtaí éagsúil ar fáil a mheall daoine de gach aois agus de gach cúlra.
I gCearnóg na Poibleoige bhí ceol beo, amhránaíocht agus siamsaíocht sráide ar siúl i rith an lae, le rannpháirtíocht ó cheoltóirí traidisiúnta agus grúpaí áitiúla. I Meal an Mhóta bhí clár fuinniúil don teaghlach le taispeántais eolaíochta ó Science le Mick, damhsa agus ceol ó ghrúpaí scoile agus rinceoirí. I Seanmhargadh na bPrátaí, bhí béim ar chruthaitheacht agus ar ealaín le ceardlanna agus léirithe ó ealaíontóirí ar nós Quentin Reynolds. Os comhair Theach na Cúirte, bhí ardán gnóthach le léirithe rince agus ceoil ó ghrúpaí ar nós Rinceoirí an tSionnaigh agus Infinity Movement, a choinnigh an slua faoi dhraíocht i rith an lae.











Bhí rannpháirtíocht leathan le feiceáil ar fud na féile, idir scoileanna áitiúla, Gaelcholáiste Chill Dara, eagraíochtaí pobail, ceoltóirí, rinceoirí agus ealaíontóirí. Tharraing an fhéile daoine ó i bhfad agus ó chóngar freisin, agus bhí gné láidir idirnáisiúnta le sonrú le rannpháirtithe ó chúig thír déag i láthair.
Cé go raibh sé gaofar i rith an lae d’fhan an aimsir tirim agus choinnigh sé sin atmaisféar dearfach bríomhar ar fud na hócáide. Tháinig an ghrian amach níos déanaí agus chríochnaigh an lá go buachach leis an gcéilí mór i gCearnóg na Poibleoige, áit ar bhailigh slua mór le chéile chun rince agus ceiliúradh a dhéanamh.
Ag labhairt di le An Páipéar, thug Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, Siobhán Grogan, aitheantas ar leith do na daoine a chuir an fhéile ar siúl. “Thar ceann Chill Dara le Gaeilge ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na hoibrithe deonacha ar fad a bhí ag obair go dian dícheallach ar an bhféile seo ó mhí Mheán Fómhair,” a dúirt sí. “Gan iad ní bheadh an ócáid seo indéanta.” Chuir sí béim ar ról an phobail freisin, ag rá, “Is iad muintir Ghaelcholáiste Chill Dara, an fhoireann, na scoláirí agus na hiarscoláirí, croílár ár bpobail, agus táimid fíorbhródúil astu gach uile lá.”
Dúirt sí go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart. “Tá an fhéile seo ag dul ó neart go neart gach bliain, rud a léiríonn go soiléir an spéis agus an t-éileamh atá ag imeachtaí Gaeilge ar fud an phobail.” Luaigh sí freisin an ghné idirnáisiúnta a bhain leis an lá, “B’ócáid álainn, stairiúil í nuair a tháinig daoine ó chúig thír déag le chéile, ag foghlaim Gaeilge agus ag cruthú cairdis trí mheán na teanga.” Dúirt sí freisin, “Is léir ón rannpháirtíocht idirnáisiúnta gur teanga bheo, oscailte í an Ghaeilge atá ag nascadh daoine ó gach cearn den domhan.”
Leag Grogan béim ar oscailteacht na teanga. “Tá fáilte roimh chách i saol na Gaeilge, is cuma cén aois, cén cúlra nó cén cumas Gaeilge atá agat, fiú mura bhfuil focal Gaeilge agat, tá áit ann duit.” Dar léi, tá tábhacht ar leith leis an bhféile don phobal agus do chuairteoirí, ag rá, “Tugann an fhéile seo deis iontach do dhaoine ó gach cearn den domhan ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh linn, anseo inár bpobal féin.”
Ag breathnú chun cinn, luaigh sí fís don todhchaí, “Táimid ag obair go díograiseach chun cultúrlann a bhunú i gCill Dara, spás bríomhar don Ghaeilge a bheidh ar fáil don phobal ar fad.” Dúirt sí freisin, “Beidh Féile Shráide Nás na Ríogh ar cheann de na féilte Gaeilge is mó sa tír, agus táimid ag súil le sluaite móra a fheiceáil ann arís i mbliana.”
Mar fhocal scoir, dúirt sí, “Ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge láidir sna ceantair Ghaeltachta, ach tá sí faoi bhláth i bpobail ar fud na tíre, agus is léiriú soiléir í an fhéile seo air sin.”
Ba lá den scoth é ar an Nás a léirigh beocht agus fuinneamh na Gaeilge i gcroílár an phobail. Agus cé gur buaicphointe den bhliain é Lá Fhéile Pádraig, bíonn neart ar siúl i gcaitheamh na bliana. Téigh go www.cilldaralegaeilge.ie le haghaidh tuilleadh eolais.