Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie


Dé hAoine an 6 Márta

Ciorcal comhrá le ceol ó Mickey Dunne agus David Simms
1 go 2 pm
Green Acres, Margadh an Bhainne, Luimneach, V94V9W7
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh

Rang pilates as Gaeilge le Graceful Pilates
6.30 go 7.30 pm
Ionad Siopadóireachta Bhealach na Páirce, Luimneach, V94 PC3K
Teacht le chéile roimh ré in Starbucks ag 5.45 pm
Aoisghrúpla 16+
Teagmháíl 089-4106637
Cláraigh www.comhluadarluimnigh.ie
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh

Tráth na gCeist agus seoladh plean forbartha cumainn CLG Laochra Loch Lao
7 pm
Cumann Chluain Árd
Duaiseanna, ceol, piontaí agus craic!
Arna eagrú ag CLG Laochra Loch Lao

Dathanna agus deochanna
7 go 9 pm
Ticéid £20
Teach Uidhilin, 2-4 Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín
Cláraigh ag www.gloruachtartire.com
Arna eagrú ag Glór Uachtar Tire

Oíche sheolta Chumainn Ghaelaigh Chontae Laoise
8 go 11 pm
De Brúns @ Humes, Portlaoise, R32 Y585
8 pm, fáilte agus tráth na gceist, €5 an duine
Tob-Ghaeltacht agus seisiún traidisiúnta
Crannchur agus duaiseanna
Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Chontae Laoise

Dé Sathairn an 7 Márta

Bí an tEolas: Ceardlann Vicipéide
Le fada an lá, tá scéalta na mban ligthe i ndearmad nó curtha i leataobh. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus Mí Staire na mBan, beidh muid ag scríobh mná isteach sa stair – i nGaeilge agus i mBéarla. Díreach roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan!
11 am go 3 pm
Civic Trust House, Cé an Phápa, Cathair Chorcaí
Cláraigh ag https://www.eventbrite.ie/e/bi-an-t-eolas-ceardlann-vicipeide-wikipedia-workshop-tickets-1982968870271
Tá fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge agus gach inscne. Beidh tae, caife agus lón éadrom ar fáil saor in aisce.

Ceardlann ar shaibhreas teanga
Meán lae go 2 pm
Leabharlann Bhaile Mhuineacháin, H18 Rp20

Lá spraoi le mionchampa
CLG Chluain Fhada, Co. Laoise
Eolas ó Threasa, 086-8752870

Tráth na gceist as Gaeilge do dhaltaí sa chúigiú agus séú rang
CLG Chluain Fhada, Co. Laoise
Clarú ag 086-8752870

Tráth na gceist teaghlaigh
2.30 go 4.30 pm
Club sóisialta CLG na bPiarsach Óg, Ard Mhacha
duaiseanna, sóláistí agus spraoi
£10 an fhoireann
Arna eagrú ag Ciorcal Comhra Ard Mhacha

Dé Domhnaigh an 8 Márta

Lá teaghlaigh
CLG Chluain Fhada, Co. Laoise
Eolas ó Threasa, 086-8752870
Ceardlann le húdar an leabhair Cúpla, Ógie Ó Céilleachair
Meán Lae
Cumann CLG Naomh Uinseann,
Marino, BÁC

Ceardlann cheoil
Beidh Daracha ag déanamh ceardlann cheoil thraidisiúnta atá oiriúnach do gach aois. Beidh spás deas ann do na leanaí óga agus na tuistí.
1 go 3 pm
Áras Inse Chór, Baile Átha Cliath
Clarú le tara@glornangael.ie
Arna eagrú ag Glór na nGael i gcomhar le hÁras Inse Chór

Rang Zumba oiriúnach do dhaoine fásta agus páistí 15+
6 go 7 pm
Clubtheach Mhóin an Lín, Caladh an Treoigh
Imeacht saor in aisce
Cláru ag www.comhluadarluimnight.ie nó Ava ar 089-4106637
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh

Dé Luain an 9 Márta

Grúpa tuistí agus leanaí, páistí 0 go 4 bliana d’aois
10.30 am go meán lae gach Luan
Corrán Grattan, BÁC 8, D08 V003
Eolas ag tara@glornangael.ie

Dé Máirt an 10 Márta

Seoladh An Dearcán, Iris na hÉigse
7 pm
Seomra AHC.PG01, Teach Purcell, Campas na Naomh Uile, OCBÁC, D09DY7H

Crónan na mBeach le hÉamon Ó Donnchadha
7 pm
Cumann CLG Naomh Uinseann,
Marino, BÁC

Amhránaíocht ar an sean-nós le Éamon Ó Donnchadha
Ceardlann agus seisiún le buaiteoir Chorn Uí Riada faoi trí
8 pm
Cumann CLG Naomh Uinseann,
Marino, BÁC

Dé Céadaoin an 11 Márta

Ceardlann bácála le Gillian
Ceilliúradh ar bhlasanna na hÉireann!
Arán Guinness, Cáca Spúinse
7 go 8 pm
Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, W91 E282
€15 an duine
Arna eagrú ag Cill Dara Le Gaeilge

Déardaoin an 12 Márta

Fís 26

Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath

Is chomhdháil úrnua do dhaoine óga é FÍS a léiríonn ár dtodhchaí dhátheangach san oideachas, sa saol gairmiúil agus sa saol sóisialta.

Beidh seastáin, ceardlanna agus cainteanna ann a léireoidh na deiseanna uile éagsúla a eascraíonn ón nGaeilge agus ón dátheangachas, chomh maith le bealaí le nascadh isteach leis an bpobal bríomhar de chainteoirí Gaeilge.

Tugann an lá seo scoláirí, mic léinn, gairmithe óga, cruthaitheoirí agus eagraíochtaí Gaeltachta, Gaeilge agus Stáit le chéile le oll-theachtaireacht amháin: is bua luachmhar sa bhreis í an Ghaeilge sa saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta.
Cláraigh: www.cnag.ie/fis

Baird IMRAM ar champas Féasta Filíochta 2026
Le Áine Uí Fhoghlú, Éire Ní Fhaoláin agus Sinéad Ní Allmhuráin
Mean Lae go 1 pm
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, An Séipéal, Sráid an Choláiste, Port Lairge X91 Y074
Saor in aisce

Ceardlann chré do thosaitheoirí
7 go 9 pm
Ionad Pobail Chill Chiaráin, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe, H91 A2PN
Clárú le Peter Lydon ar 085-2675863
Arna eagrú ag Fóram Chonamara i gcomhpháirt le Pleanáil Teanga Chonamara Láir

Tráth na gCeist le Vicipéid
8 pm
Ionad Nancy Hands, Baile Átha Cliath
Saor in aisce, bia ar fáil
Cláraigh ag https://www.nancyhands.ie/reservations/
Oíche airneáil ar son Ghaelscoil Inse Chór
Craic, caint agus ceol
8 pm
CLG na Dea-Chomhairlel/Ghaeil na Life, Bóthar Mhic Dháibhéid, D12
Cead isteach €15
Arna eagrú ag Gaelscoil Inse Chór

Dé hAoine an 13 Márta

Tapas agus Trad
7 go 8 pm
An Nead, Baile Mhuineacháin
Bia blasta, ceol traidisiúnta agus cluichí boird

Tráth na gceist
8 pm
Cumann CLG Naomh Uinseann,
Marino, BÁC

Ceolbhiongó
9 pm
33 South Main, Nás na Ríogh
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.