Bhí guthanna agus smaointe na scoláirí i gcroílár an aonaigh i nGaillimh Dé Máirt seo caite nuair a tionóladh Muintearas ’26, ceiliúradh náisiúnta ar ghuth an scoláire i scoileanna lán-Ghaeilge in earnáil na mbord oideachais agus oiliúna (BOO). Bhí an ócáid ar siúl in Óstán Chonnacht na Gaillimhe mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, agus thug sí le chéile scoláirí agus múinteoirí ó fud fad na tíre faoin téama “Ar bhfís don todhchaí: ceiliúradh ar ghuth an scoláire i scoileanna lán-Ghaeilge na mbord oideachais agus oiliúna.”
Bhí an tUachtarán Catherine Connolly i láthair agus bhronn sí duaiseanna ar na scoileanna rannpháirteacha agus a chaith sí am ag labhairt leis na scoláirí faoin obair a bhí déanta acu.
Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt an tUachtarán Connolly gur thug na scoláirí dóchas di don todhchaí, ag rá, “Tugann sé misneach agus dóchas dom, mar Uachtarán na hÉireann, go dtuigeann na daoine óga chomh tábhachtach is atá meas mar bhunús d’aon idirghníomhaíocht daonna agus gur ón mbunchloch sin a fhásfaidh sochaí chneasta chineálta na todhchaí.”
Bhí comórtas póstaer ar cheann de bhuaicphointí an lae, áit ar chuir scoileanna a bhfís féin d’Éirinn na todhchaí i láthair. I measc na dtéamaí a pléadh bhí gníomhú ar son na haeráide, nuálaíocht theicneolaíoch, sláinte mheabhrach, comhionannas agus ról na Gaeilge sa tsochaí nua-aimseartha.