Mícheál Ó Ruairc

Do Dolores Keane t’réis éisteacht léi ar Mo Cheol Thú, Bealtaine 1986.


Mar lon dubh agus smólach
ag canadh in éineacht
ar bharr sceiche
maidin gheal sheaca
ag tús an earraigh.

Mar fhuiseog ag cur di go tréan
tráthnóna samhraidh
is ag líonadh
ceartlár na firmiminte
le binneas a gutha.

Mar naoscach san fhómhar
agus piachán ina ghlór
ag cumadh goltraí bhróin
le dul faoi na gréine
i bhfiacal phortaigh.

Mar ghlór uaigneach an chóbaigh
cois farraige sa gheimhreadh
a chaoince dhearóil chráite
ag baint macalla
as na haillte arda.

A bhean ar leat an guth
a shíneann siar thar dhromchla
na mblianta go tús na treibhe
táimidne go mór i ngrá
leis le fada an lá.

As Fuil Samhraidh, Mícheál Ó Ruairc, Coiscéim, 1987
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.