Gradaim Ollscoil na Gaillimhe tugtha ar ais ag tuilleadh daoine mar agóid in aghaidh chonradh na hollscoile le Technion Iosrael

Tabharfaidh comhbhuaiteoirí Ghradam Frithchiníochais Nelson Mandela 2025, na céimithe Dylan agus Shane O’ Halloran, a ngradam ar ais le linn Sheachtain Frithchiníochais na bliana seo mar agóid i gcoinne dhiúltú leanúnach Ollscoil na Gaillimhe deireadh a chur leis an gcomhpháirtíocht taighde le hInstitiúid Technion Iosrael.

Cuireann Technion síos orthu féin mar sciathán taighde agus forbartha míleata Iosrael. 

Bronnadh an chéad Ghradam Ceannaireachta Nelson Mandela ar ​​na deartháireacha O’ Halloran mar gheall ar a gcuid oibre ar son chearta an duine, i gcoinne na cinedheighilte agus ar son an díchoilínithe chomh maith lena gceannaireacht i gCumann Seirbhísí Deonacha na Mac Léinn agus i gCumann Dlúthpháirtíochta na Palaistíne.

Tabharfaidh an bheirt a ngradam ar ais go foirmiúil ag ócáid ​​in Ionad na hÉireann um Chearta an Duine ar champas na hOllscoile an tseachtain seo. Tá sé ráite go poiblí ag Ionad na hÉireann um Chearta an Duine go bhfuil sé de dhualgas ar Ollscoil na Gaillimhe faoin dlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine deireadh a chur leis an gcomhpháirtíocht le Technion agus mura ndéanann sí amhlaidh, go bhfuil sí ‘comhpháirteach i gcinedhíothú mhuintir na Palaistíne’.

Is iad Dylan agus Shane O’ Halloran an bheirt is deireanaí a bhfuil gradam atá bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe orthu á dtabhairt ar ais acu nó á ndiúltú acu, lena n-áirítear na scannánóirí Lelia Doolin agus Margo Harkin, an t-aisteoir Olwen Fouére, an staraí Kirby Miller agus an scríbhneoir agus gníomhaí nach maireann Margaretta D’Arcy.

Deir Dylan O’ Halloran, atá ag obair faoi láthair mar dhochtúir intéirneach in Ospidéal Naomh Séamas, Baile Átha Cliath, ‘Níl sé ceart ná cóir domsa an gradam seo a choinneáil. Rinne Ollscoil na Gaillimhe an rogha comhpháirtíocht a dhéanamh le Technion. Agus é sin á dhéanamh acu, tá siad ag milleadh oidhreacht Mandela. Impím ar fhoireann bhainistíochta na hOllscoile athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh agus deireadh a chur leis an gconradh láithreach!’

Deir an Dr Deirdre Curran ón gComhaontas i gCoinne Cinedhíothú, “Chuala muid na leithscéalta ón Uachtarán Burn. Cosúil lenár gcomhghleacaithe in Ionad na hÉireann um Chearta an Duine, níl aon ghlacadh againn leo. D’fhéadfadh praghas a bheith le híoc as deireadh a chur leis an gconradh le Technion, ach cén praghas a bheadh ró-ard le híoc as naisc a bhriseadh le réimeas cinedhíothaithe?”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.