Glao físe trí shatailít déanta den chéad uair in Éirinn

Tá céim mhór chun cinn déanta i gcúrsaí cumarsáide in Éirinn tar éis gur éirigh leis an gcéad ghlao físe soghluaiste trí shatailít a dhéanamh le gnáthfhón cliste. Rinne innealtóir le Vodafone Ireland, Robert Ivers, an glao ó cheantar gan chlúdach ar Chliara i Maigh Eo go Príomhfheidhmeannach na cuideachta, Sabrina Casalta, i mBaile Átha Cliath.

Is forbairt shuntasach é seo a léiríonn acmhainn na teicneolaíochta satailíte chun bearnaí clúdaithe a laghdú agus chun nascacht a fheabhsú i gceantair iargúlta. Go traidisiúnta, bhí gá le fóin satailíte mhóra chostasacha, a bhí teoranta do chásanna speisialta cosúil le hoibrithe tarrthála nó mairnéalaigh ar muir. Leis an dul chun cinn nua seo, áfach, is féidir le gnáthfhón cliste rochtain a fháil ar ghlaonna agus ar an idirlíon trí shatailít.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.