Cuileann Ní Mhurchú agus OJ Ó Laighléis
Daltaí sa 5ú bliain i gColáiste Dhún Masc, Port Laoise



Bhí fuinneamh, díograis agus spiorad dearfach le sonrú go láidir ag Fís 2026, imeacht mór Gaeilge a tionóladh le déanaí san Ionad Comhdhála Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail na mílte daoine óga ar an ócáid, muid féin ina measc, agus bhain na sluaite sult agus tairbhe as an lá.
Ag croílár an imeachta bhí painéal cainte spreagúil faoi thionchar agus todhchaí na Gaeilge. Ba é Peadar Ó Caomhánaigh a bhí mar fhear an tí, agus ghlac Caitríona Kenny, Róisín Seoighe, Éadaoin Fitzmaurice agus DJ Próvaí páirt sa phlé. Pléadh úsáid na Gaeilge sna meáin shóisialta, sa cheol agus i saol an phobail, agus leagadh béim ar a hábharthacht sa saol comhaimseartha. Mar a dúirt DJ Próvaí féin, cé gur seanteanga í an Ghaeilge, tá sí beo bríomhar sa lá atá inniu ann.
Thug na cainteoirí le fios nach ábhar scoile amháin í an Ghaeilge, ach uirlis bheo chumarsáide agus féiniúlachta í. Cuireadh i gcuimhne don lucht freastail freisin an seanfhocal cáiliúil, “Beatha teanga í a labhairt”, agus spreagadh daoine óga chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil ina saol féin.
Ina dhiaidh sin, bhog na daltaí agus na rannpháirtithe chuig an halla taispeántais, áit a raibh os cionn céad seastán eagraíochtaí éagsúla le feiceáil. Roinneadh an spás ina thrí réimse: Gairm, Pobal agus Todhchaí, agus bhí ionadaithe ó eagraíochtaí móra ar nós TG4, Chonradh na Gaeilge, Gaelbratach, Kinia, Óglaigh na hÉireann, na nGardaí agus na n-ollscoileanna i láthair, chomh maith le meáin ar nós An Páipéar féin.
Thug na seastáin léargas cuimsitheach ar na deiseanna atá ar fáil trí mheán na Gaeilge, ó chúrsaí oideachais agus gairme go rannpháirtíocht phobail agus forbairt phearsanta. Bhí sé soiléir go bhfuil réimse leathan slite beatha ann ina bhfuil an Ghaeilge lárnach, rud a chuir iontas ar go leor de na daltaí agus a thug misneach dóibh.
Léirigh fíric amháin a cuireadh i láthair go bhfuil suas le 20% de mhargaíocht gnólachtaí á déanamh trí Ghaeilge anois, comhartha eile ar fhás agus ar thábhacht na teanga sa saol gnó.
Ar an iomlán, ba lá thar a bheith dearfach agus inspioráideach é Fís 2026. D’fhág sé tuiscint láidir ag rannpháirtithe óga go bhfuil todhchaí gheal ag an nGaeilge, agus go bhfuil ról lárnach acu féin ina forbairt amach anseo, agus bhí an t-ádh linn páirt a ghlacadh ann.