Filleann Téacs Taistil le sraith nua lán eachtraíochta ar TG4

Téacs Taistil ar ais ar TG4 le sraith úrnua a gheallann níos mó fuinnimh, spraoi agus eachtraíochta ná riamh. Tosóidh an tsraith oíche Déardaoin an 2 Aibreán ag 21.30, agus beidh triúr láithreoirí aitheanta i mbun taistil ar fud an domhain: Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin agus Proinsias Ó Coinn. Beidh réalta Ros na Rún, Laura Ní Aoidhne, le feiceáil i roinnt eipeasóidí chomh maith.

Tá clú agus cáil bainte amach ag Séaghan Ó Súilleabháin, nó an “Kerry Cowboy”, le blianta beaga anuas, agus é anois ina cheathrú sraith den chlár. Is as Uíbh Ráthach i nGaeltacht Chiarraí do Shéaghan, agus tugann sé greann nádúrtha, macántacht agus fuinneamh don tsraith. Ó thús a thurais ar TikTok go dtí saol taistil idirnáisiúnta, tá sé tar éis a mharc féin a fhágáil agus bród Chiarraí á iompar aige ar fud an domhain.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.