Tá brí ar leith ag baint le Lá le Pádraig agus le Seachtain na Gaeilge gach bliain, ach is léir i mbliana go bhfuil fuinneamh úr ag rith tríd an teanga agus tríd an bpobal Gaelach. Ní hamháin gur ceiliúradh é ar ár n-oidhreacht, ach is léiriú soiléir é ar ár bhféiniúlacht bheo, dhinimiciúil agus oscailte don todhchaí.
Chonacthas an fuinneamh sin go soiléir le déanaí ag an imeacht Fís, áit ar tháinig breis agus 5,000 duine óg le chéile. Ní hamháin gur líon mór é sin, ach is comhartha dóchais é don teanga. Léirigh an slua sin nach bhfuil an Ghaeilge teoranta don seomra ranga ná don stair. Tá sí beo i measc an aosa óig, sna meáin nua-aimseartha, sa cheol, san fhiontraíocht agus i ngach gné den saol comhaimseartha.
Lá le Pádraig féin bhí an Ghaeilge i gcroílár an cheiliúrtha i Nás na Rí, Cill Dara, áit ar reáchtáladh féile shráide trí Ghaeilge amháin. Bhí sluaite móra i láthair, agus an teanga le cloisteáil go nádúrtha i ngach comhrá, i ngach léiriú agus i ngach gáire. Léiríonn imeachtaí mar seo nach gá an Ghaeilge a “athbheochan”. Tá sí á húsáid, á maireachtáil agus á ceiliúradh go bródúil.
Is minic a chuirtear an iomarca béime ar ról na Gaeltachta mar am t-aon fhód dúchais amháin don Ghaeilge. Cé go bhfuil an Ghaeltacht ríthábhachtach, is léir anois go bhfuil borradh faoin teanga taobh amuigh dí freisin, i mbailte, i gcathracha agus i bpobail nua ar fud na tíre. Tá pobal Gaeilge ag fás i ngach áit, agus tá sé níos ilghnéithí ná riamh.
Agus ní stopann sé sin ag teorainneacha na hÉireann. Tá an Ghaeilge le cloisteáil anois ar fud an domhain, i gcathracha móra idirnáisiúnta, i bpobail diaspóra, agus ar líne. Tá sí á foghlaim, á múineadh agus á roinnt ag daoine nach bhfuil aon bhaint dhíreach acu leis an tír seo fiú. Is teanga dhomhanda í anois, ach fós le croí láidir Éireannach.
Sa deireadh thiar is ceist féiniúlachta í. Ciallaíonn sé a bheith i do Ghael níos mó ná an teanga a labhairt. Is rogha é, is dearbhú é, agus is nasc é leis an bpobal agus leis an gcultúr. Tá sé soiléir ón méid atá feicthe againn le linn Sheachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig i mbliana go bhfuil an rogha sin á déanamh ag níos mó daoine ná riamh.
Agus má leanann an fuinneamh seo ar aghaidh, ní bheidh aon amhras ann. Beidh todhchaí láidir, bhríomhar agus fhónta ag an nGaeilge, anseo sa bhaile agus ar fud an domhain. Tá muidne in An Páipear dochásach faoi seo, agus brodúil a bheith ag cur leis an todhchaí gheal Ghaelach sin!