Deir an Iaráin nach iadsan a scaoil na diúracáin más fíor dóibh féin

Eoin Ó Murchú

Shéan an Iaráin gurbh iad a scaoil an dá dhiúracán a dúradh a leagadh agus iad ar a mbealach go bunáiteanna míleata de chuid na Breataine agus Mheiriceá in Diego Garcia.

Bhain scéal na ndiúracán preab mór as tráchtairí agus polaiteoirí ar fud na hEorpa, mar, má bhí an Iaráin in ann diúracán a chur comh fada le Diego Garcia bheadh siad in ann freisin ceann a scaoileadh a fhad le Londain nó Páras.

Is é an dea-scéal ámh ná nach mbeadh Éire sa raon sin, cé nár chuir sin stop le tuairimíocht scáfar uatha siúd a dteastaíonn uatha muid a nascadh níos dlúithe le ECAT agus le cúrsaí míleata an Aontais Eorpaigh.

Tá 4,000 ciliméadar ón Iaráin go dtí Diego Garcia, agus roimhe seo dúradh nach raibh diúracáin na hIaráine in ann níos mó ná 2,000 km a thaisteal.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.