Bhí Lá Fhéile Pádraig i gcroílár Washington DC arís i mbliana agus an Taoiseach Micheál Martin i mbun cuairt oifigiúil ar na Stáit Aontaithe, ach ba léir go luath gur ceist na hIaráine a bhí i mbéal an phobail le linn an chruinnithe idir é féin agus Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, san Oifig Ubhchruthach.
Bhí tús cairdiúil leis an gcruinniú, agus mhol an tUachtarán Trump an caidreamh láidir eacnamaíoch idir Éire agus SAM, ag rá gur “onóir mhór” a bhí ann an Taoiseach a óstáil. Thug sé le fios freisin go raibh sé ag súil le cuairt a thabhairt ar Éirinn níos déanaí i mbliana, agus go mbeadh sé mar aidhm aige freastal ar Chraobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann ag a chúrsa gailf ar an Dún Beag i gContae an Chláir.
Chuir an Taoiseach Martin béim ar an nasc stairiúil idir an dá thír, ag tabhairt le fios gur chuidigh muintir na hÉireann go mór le forbairt Mheiriceá agus go bhfuil an nasc sin fós beo láidir sa lá atá inniu ann. Luaigh sé freisin go bhfuil Éire anois ar cheann de na hinfheisteoirí is mó sna Stáit Aontaithe, le breis agus 800 comhlacht Éireannach lonnaithe ann agus thart ar 375,000 post ag brath ar infheistíocht na hÉireann.