“Bás an oird idirnaisiúnta”
A Eagarthóir, a chara,
Ní bréag ar bith é go bhfuil an foréigean ag méadú sa domhan, á spreagadh de bharr aidhmeanna Mheiriceá. Is léir nach mbacann an tUachtarán Trump leis an ord idirnaisiúnta, agus fós creideann ár rialtas go saonta go bhfuil siad in ann a ngnaoi a mhúscailt. Leis an gcuairt ón Taoiseach Micheál Martin ar Washington le déanaí ní fheictear ach ceadúnas le haghaidh na n-uafás a gearradh ar Veiniséala, an Iaráin agus, go luath le hanbhá orainn, Cúba.
Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis an Domhan Theas a dhó le haghaidh ola agus saibhris, agus suimeanna capitilíocha go léir gan amhras. Seasann na ceannairí Éireannacha ar leataobh, ag gáire agus ár “gcumhacht bhog” agus an “caidreamh speisialta” ag titim as a chéile. Socraíonn idéil nualiobrálacha ár bpolasaithe eachtracha, ceangailte leis an airgead. In ionad freagairt dhiongbháilte, feicimid laige agus meon laissez-faire. Is gá don rialtas treo Pedro Sanches a leanúint, agus cúiseanna morálta a chur chun cinn in ionad leanúint leis an bhfulaingt.
Sa Spáinn tá ceannaire seasmhach ann nach bhfuil ina sclábhaí ag gríosóireacht chogaidh nuachoilíneach, agus a dhéanann cáineadh ionraic ar an sárú soiléir seo ar an dlí idirnáisiúnta. Tá daonra na hÉireann bréan den iompar géilliúil ón rialtas. Cinnte is ceart athrú ó thaobh gníomaíochtaí eachtracha de. Agus an neart ag déanamh an chirt anois, ní féidir áibheil a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le rialtas a bheadh sásta cur in aghaidh leithleachas agus scrios an chapitleachais.
Le meas,
Fiachra Mac Róibín
Scoláire séú bliain
Cabrach
Baile Átha Cliath
Stát na 26 contae agus an glas triarach
A Eagarthóir, a chara,
Tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh stát na 26 contae an glas triarach mar chosaint ar pé neodracht atá againn. Níl rogha ag muintir bhocht na sé chontae ach cur suas le dúnta míleata Shasana ina gcríocha faoi láthair.
Agus tíortha in áiteacha éagsula ar fud an domhain ag fulaingt ionsaithe mileata, léigir, gorta agus cinedhiothú, tá sé riachtanach go gcoinneoidh an stát ar a laghad an leibhéal neodrachta atá againn, fiú ar mhaithe le sábháilteacht a saoránach féin.
Tá seo ráite go minic ag ár nUachtarán Catherine Connolly ó toghadh í an bhliain seo caite.
Faraor tá ár dTaoiseach Micheál Martin cam. Tá sé ag maoimh go poiblí sna Stáit Aontaithe go bhfuil ár stát neodrach, nach bhfuil dúnta míleata ón iasacht againn (ní luann sé na sé chontae riamh), agus nach bhfuil Aerfort na Sionainne á úsáid chun lón cogaidh ná saighdiúirí a iompar.
Ag an am céanna tá sé ar a mhíle dícheall ag iarraidh an glas triarach a chur ar ceal tríd an mBille Cosanta (Leasú) a bhrú le fórsa trí Theach Laighean, le Fine Gael. Tá an bille seo ag tabhairt cead d’arm an stáit páirt a ghlacadh i gcogaíocht ECAT agus lucht míleata an Aontas Eorpaigh. Tá seo go hiomlán in aghaidh mhianta agus thoil shaoránaigh an stáit, agus beidh contúirt agus bás in ann dár saighdiúirí dá bharr.
Caithfear an glas triarach a choimeád ar ais nó ar éigin! Bí i dteagmháil le do theachtaí dála agus polaiteoirí áitiúla, agus iarr orthu vótáil i gcoinne bhille an rialtais agus a n-iarrachtaí dul chun cogaidh. Seans go ndéanfaidh lucht gambín brabús as an gcogaíocht chéanna, ach cuirfidh sé an tír seo i gcontúirt ar gach bealach.
Le meas,
Proinsias Ní Mhurchú
Ionad Buail Isteach
Sr Essex Thoir, BÁC 2