Ceartas Crua – Mná v An Dlí

Súil ghéar ar stair chrua an cheartais agus ar shaol na mban in Éirinn atá á tabhairt ag TG4 sa tsraith faisnéise nua dhátheangach, Ceartas Crua – Mná v An Dlí, a chraolfar ón 11 Márta ag 21:30.

Is sraith dhá chuid í a fhéachann siar ar chéad bliain de Stát na hÉireann trí phriosma an dlí agus a scrúdaíonn an tionchar domhain a d’imir an córas breithiúnach ar mhná na tíre. Trí chásanna cúirte, reachtaíocht agus taifid chartlainne, tugtar léargas lom ar an gcaoi ar leagadh amach róil na mban ó bunaíodh an stát, agus ar an streachailt leanúnach ar son comhionannais.

Sa chéad chlár, a chlúdaíonn na 1920í go dtí na 1970í, léirítear conas a cuireadh srianta dochta ar mhná ó thús. Ní raibh cead acu suí ar ghiúiréithe, cuireadh cosc ar mhná pósta fanacht sa saol oibre, agus bhí cosc iomlán ar mhodhanna frithghiniúna. Scrúdaítear taifid ón gCartlann Náisiúnta maidir le triail bheirt deirfiúracha as Ros Comáin a ciontaíodh i naíonmharú in 1934, agus nochtar gur cuireadh 183 bean shingil ar a dtriail as páiste nuabheirthe a dhúnmharú idir 1922 agus 1950.

Cuirtear scéal Vera Carey i Liatroim i lár an aonaigh freisin, bean ar éirigh léi an cosc ar obair i ndiaidh pósadh a shárú agus a post mar leabharlannaí contae a choinneáil. Tugtar léargas ar stailc stairiúil banoibrithe níocháin in 1945, a bhain coicís saoire amach do gach oibrí in Éirinn. Pléitear freisin gníomh ársa an “chaidrimh collaí”, a d’fhan i bhfeidhm go dtí 1981, agus gníomhartha cróga Ghluaiseacht Shaoirse Mhná na hÉireann, lena n-áirítear traein frithghiniúna 1971.

Sa dara clár, a chlúdaíonn na 1970í go dtí an lá inniu, dírítear ar na cathanna móra dlí a d’athraigh sochaí na hÉireann. Déantar cur síos ar chás May agus Seamus McGee os comhair na Cúirte Uachtaraí, ar éirigh leo ceart bunreachtúil chun príobháideachta a dhaingniú. Cloistear ó Mháirín de Búrca faoi chás ceannródaíoch 1976 a cheadaigh mná ar ghiúiréithe, agus ó Eilís Barry faoi chás Josey Airey, a d’oscail an doras do chúnamh dlí in Éirinn.

Pléitear freisin scéal Sheila Hodgers, Cás X, an reifreann in 1983 agus aisghairm an Ochtú Leasú in 2018, chomh maith le torthaí reifrinn 2024 maidir le foclaíocht an Bhunreachta faoi mhná sa bhaile.

Arna léiriú ag Midas Productions le tacaíocht ó Coimisiún na Meán agus TG4, is sraith í seo a chuireann ceist lárnach: cé chomh fada agus atáimid tagtha, agus cén obair atá fós romhainn?

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.