Beidh sraith úr cheoil le feiceáil ar TG4 ón 8 Márta ag 8 pm nuair a thosóidh Casadh sa Cheol, clár sé choda ina gcuirfear beirt cheoltóirí i bpáirt le chéile chun leagan nua d’amhrán a chumadh agus a léiriú beo os comhair slua ag The Belfast Barge.

Is coincheap simplí ach dúshlánach atá i gcroílár na sraithe: dhá amhrán, dhá ealaíontóir, agus gan ach dhá lá acu chun a leagan féin a chruthú. Ag tús gach cláir cloisfidh na ceoltóirí amhrán a bpáirtí den chéad uair. As sin amach beidh iallach orthu é a athléiriú ina stíl féin, cibé acu sean-nós, punc, hip hop, pop nó leictreonach.

Ní bhuaileann na healaíontóirí le chéile go dtí cúpla nóiméad roimh an léiriú deiridh, rud a chruthaíonn teannas agus spleodar ar leith. Beidh an toradh le cloisteáil beo ar an oíche, agus é taifeadta in ionad cluthar ar bharr an uisce i gcroílár Bhéal Feirste.

I measc na gcomhpháirtíochtaí a fheicfear tá Emma Ní Fhíoruisce le Grooveline, UshMush le Larabel, Aoife Welby le The Shan Vans, agus Jack Warnock le Anna Mullarkey. Trasnaíonn na péirí seo teorainneacha stíle agus féiniúlachta, ag tabhairt dúshlán dá chéile agus dóibh féin araon.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.