Cathal Ó Murchú
Le cúpla mí anois tá coimhlint armtha ar siúl idir Taliban na Pacastáine agus rialtas na Pacastáine, agus anois tá rialtas Taliban na hAfganastáine gafa sa scéal ag taobhú lena gcomhbhráithre ar an taobh eile den teorainn. Tá cogadh oifigiúil fógartha anois idir an dá thír agus go bunúsach an aidhm chogaidh atá ag an Taliban ná críoch na hAfganastáine a leathnú amach agus muintir Phaistiúnach a aontú in aon tír amháin. Is naimhde iad anois in ainneoin na tacaíocht stairiúla a thug rialtas na Pacastáine don Taliban. Is gluaiseacht Paistiúnach é an Taliban agus tá pobail mhóra ar an dá thaobh den teorainn, le daichead milliún acu sa Phacastáin agus fiche milliún acu san Afganastáin.
An bunús stairiúil leis an gcoimhlint seo ná líne Durand a leag státseirbhíseach Briotanach darb ainm Sir Henry Mortimer Durand síos sa bhliain 1893 idir Ríocht na hAfganastáine agus Raj na hIndia a bhí mar chuid d’Impireacht na Breataine ag an am. Críochgheighilt a bhí ann go bunúsach a scoilt an pobal Paistiún ina dhá chuid. Aithníonn an Phacastáin líne Durand mar theorainn dá gcríoch náisiúnta, ach níor ghlac an Afganastáin leis riamh, go háirithe an pobal Paistiúnach ansin.