Buille mór do Starmer agus an Pairtí Glas in uachtar i Manchain

Eoin Ó Murchú

Is buille mór é an ruaig a cuireadh ar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre i bhfothoghchán i Manchain i Sasana, agus bua an Pháirtí Ghlais, ar údarás creathnach an phríomh-aire Keir Starmer, agus is beag nach cinnte go gcuirfidh sé dlús lena bhaint as an bpost sin.

Dhiúltaigh Starmer ligean do Andy Burnham, méara Mhanchain, seasamh san fhothoghchán, toisc go n-aithníonn sé go bhféadfadh Burnham dúshlán a thabhairt dá cheannaireacht dá mbeadh sé ina fheisire parlaiminte.

Níl aon chinnteacht ann go mbeadh an bua ag Burnham dá mbeadh cead aige seasamh, agus ar an lá bhí an bua ag an iarrthóir ón bPáirtí Glas, Hannah Spencer, a fuair os cionn 40% den vóta.

Sa dara háit bhí iarrthóir Pháirtí Athchóirithe na Ríochta Aontaithe, páirtí Nigel Farage, agus thíos sa tríú háit bhí páirtí Starmer i dtoghcheantar a raibh móraimh shuntasacha ag an bpáirtí ann roimhe. Gearradh sciar Labour den vóta faoi 50%.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.