Tá éacht déanta ag an aisteoir Éireannach Jessie Buckley ag searmanas Ghradaim an Acadaimh 2026 agus gradam Oscar don bhanaisteoir is fearr buaite aici ar son a róil sa scannán Hamnet. Is í bean Chill Airne an chéad bhean Éireannach riamh ar bronnadh an gradam mór seo uirthi, éacht a spreag moladh agus comhghairdeas ó cheannairí agus ó lucht leanúna ar fud na tíre.
Thug Buckley óráid thochtmhar nuair a ghlac sí gradam don bhanaisteoir is fear ag searmanas Ghradaim an Acadaimh as a ról sa scannán Hamnet. Bhí iontas agus buíochas le brath ina focail agus í ag rá gurb é “an onóir is mó” dá saol é an gradam. Ghabh sí buíochas lena comhainmnithe agus leis an bhfoireann a d’oibrigh ar an scannán, ag moladh na hinspioráida a fhaigheann sí ó ealaíontóirí eile. Thug Buckley ómós dá teaghlach Éireannach a bhí i láthair, chomh maith lena fear céile agus lena hiníon óg, agus labhair sí go croíúil faoin máithreachas. Ó tharla go raibh Lá na Máithreacha in Éirinn ar siúl an lá céanna, thiomnaigh sí an gradam “d’anord álainn croí máthar”. Chríochnaigh sí a hóráid le teachtaireacht i nGaeilge, ag rá “Go raibh míle maith agaibh.”
Thréaslaigh an tUachtarán Catherine Connolly le Buckley. Dúirt an tUachtarán Connolly gur éacht stairiúil é bua Buckley, agus gurb í an chéad bhean Éireannach ar bronnadh an gradam don aisteoir is fearr uirthi. Mhol sí a sárthallann agus an obair atá déanta aici le blianta anuas ar an scáileán agus ar an stáitse, ag rá gur aitheantas tuillte go maith é an gradam seo ar a cuid oibre ealaíonta. Ina theannta sin, dúirt sí gur cúis mhór bhróid í Buckley dá muintir i gCiarraí agus don tír ar fad, agus gur léiriú é a rath ar neart agus ar chruthaitheacht thionscal scannánaíochta na hÉireann.