Cóilín Duffy
Tá an babhta deireanach rialta de shraith iomána Allianz buailte linn an deireadh seachtaine seo agus go leor le himirt fós ag foirne ar fud na gcúig roinn, idir áit i gcluiche ceannais, ardú céime agus an titim a sheachaint. Beidh súile na tíre ar Roinn 1A go háirithe, agus is mór an buntáiste é do lucht leanúna go mbeidh na cluichí ar fad i Roinn 1A beo ar TG4.
I Roinn 1A tá an pictiúr fós oscailte. Tá Corcaigh agus Luimneach i mbarr an tábla ar ocht bpointe, agus iad i suíomh láidir chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Tá Tiobraid Árann agus Gaillimh ar a sála ar shé phointe agus dóchas acu fós. Is dócha go mbeidh Corcaigh róláidir d’Uíbh Fhailí i bPáirc Uí Chaoimh, agus má fhaigheann siad bua nó fiú comhscór beidh siad tríd. Tá an scéal céanna ag Luimneach, bua nó comhscór in aghaidh na Gaillimhe agus beidh siad sábháilte.
Ach má éiríonn le Gaillimh an lámh in uachtar a fháil ar Luimneach osclófar gach rud. Má bhuann Cill Chainnigh ar Thiobraid Árann d’fhéadfadh Gaillimh dul chun cinn ar an riail réitigh. Má bhuann an dá fhoireann, Gaillimh agus Tiobraid Árann, beidh trí fhoireann ar ocht bpointe agus tiocfaidh difríocht scórála i bhfeidhm. Tá Tiobraid Árann faoi mhíbhuntáiste anseo, agus bearna mhór le líonadh acu.
I Roinn 1B, tá an Clár tríd cheana féin go dtí an cluiche ceannais agus tá Baile Átha Cliath i suíomh láidir chun dul leo, má bhuann siad ar Cheatharlach. Tá Loch Garman fós sa rás, ach beidh torthaí eile ag teastáil uathu. Ag bun an tábla is cosúil go mbeidh an Dún ag titim, agus tá brú ar Cheatharlach fanacht slán.
I Roinn 2 tá Laois cinnte don chluiche ceannais agus beidh Ciarraí, an Iarmhí nó an Mhí ag dul leo. Tá Ciarraí i riocht láidir mar gheall ar a ndifríocht scórála. I Roinn 3 is é Ros Comáin in aghaidh Dhún na nGall an cluiche mór, agus beidh buaiteoir an chluiche sin cinnte don chluiche ceannais. I Roinn 4, tá gach rud socraithe cheana féin le Sligeach agus an Longfort sa chluiche ceannais.
Beidh deireadh seachtaine cinniúnach romhainn agus an teannas le brath ar fud na tíre.
SONRAÍ CLUICHÍ NA SRAITHE IOMÁINE ALLIANZ DON SATHAIRN
(an chéad fhoireann sa bhaile)
Roinn 1A – 7 pm
- Corcaigh ⁊ Uíbh Fhailí
- Luimneach ⁊ Gaillimh
- Tiobraid Árann ⁊ Cill Chainnigh
Roinn 1B – 5 pm
- Ceatharlach ⁊ Baile Átha Cliath
- An Dún ⁊ Aontroim
- Loch Garman ⁊ Cill Dara