Tá sé deimhnithe ag Páirc an Chrócaigh go ndéanfar athbhreithniú ar shlándáil an staidiam tar éis eachtra ag comhdháil bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhris grúpa agóideoirí isteach san fhoirgneamh agus chuir siad isteach ar imeachtaí oifigiúla na comhdhála.
Tharla an eachtra tráthnóna Dé Sathairn nuair a d’éirigh le idir 15 agus 20 agóideoir dul isteach sa staidiam agus rochtain a fháil ar an gcúigiú hurlár d’ardán Uí Ógáin, áit a raibh na toscairí cruinnithe do homhdháil bhliantúil CLG. Bhí ar an gcomhdháil sos luath a ghlacadh don lón chun cúrsaí a shuaimhniú tar éis don ghrúpa cur isteach ar na himeachtaí agus meirgí a ardú sa seomra comhdhála.
Dheimhnigh stiúrthóir an staidiam, Peter McKenna, gur gortaíodh roinnt ball foirne agus pearsanra slándála nuair a bhris an grúpa isteach trí phríomhdhoras an fhoirgnimh.